Cáin ar Thalamh Criosaithe Chónaithe
Mhol Tithíocht do Chách– Plean Tithíochta Nua d’Éirinn an Rialtais cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú ar mhaithe le críocha cónaithe mar chuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.
Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl agus beidh an cháin dlite ó mhí Feabhra 2025 agus iníoctha ón 23 Bealtaine 2025.
Tá sé mar aidhm ag an gcáin talamh atá seirbhísithe agus criosaithe a ghníomhachtú le haghaidh úsáid chónaithe nó úsáid mheasctha. Déantar é sin chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus chun talamh uirbeach atá folamh, díomhaoin a athbheochan. Sainaithníodh na suíomhanna sin laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuíomhanna cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le tithíocht a sheachadadh.
Tá dhá chuid ag an bpróiseas CTCC:
1) An talamh a shainaithint agus a mhapáil de réir raon feidhme don cháin. Déanann údaráis áitiúla é sin trí dhréacht-léarscáileanna bliantúla agus léarscáileanna deiridh bliantúla a fhoilsiú — féach thíos.
2) An cháin a riar. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é sin.
Sainaithnítear sa léarscáil deiridh don bhliain 2025, a fhoilseofar faoin 31 Eanáir 2025, talamh a fhéadfaidh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2025. Féadfaidh úinéirí na talún sin iarraidh a dhéanamh chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le criosú na talún a athrú go dtí an 1 Aibreán 2025. Má chomhlíontar coinníollacha áirithe, féadfaidh úinéir talún a bheith díolmhaithe ó dhliteanas 2025 ar scór iarraidh den sórt sin.
Sainaithnítear sa dréacht-léarscáil don bhliain 2026, a fhoilseofar faoin 1 Feabhra 2025, talamh a fhéadfaidh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2026. Féadfaidh úinéirí na talún sin - agus tríú páirtithe leasmhara - aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh a chur san áireamh ar an dréacht-léarscáil sin - ní mór na haighneachtaí sin a dhéanamh faoin 1 Aibreán 2025.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil réadmhaoine cónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil, cé go bhfuil siad san áireamh ar na léarscáileanna sin. Ní gá iarraidh i leith athchriosaithe nó aighneacht a dhéanamh chun an cineál réadmhaoine cónaithe sin a bhaint den léarscáil.