Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil ar an dréacht-léarscáil bhliantúil, nó ar na haighneachtaí, féach le do thoil ‘Do Cheisteanna Freagartha’ anseo. Má tá ceisteanna agat faoi thalamh ar leith nó ceisteanna nach bhfuil clúdaithe sna CCanna, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Pleanála.

Tá tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Gov.ie/CTCC. 

Mar atá leagtha amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas CTCC. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla tabhairt faoin mapáil lena sainaithnítear an talamh atá faoi réir na cánach. Tá an t-údarás áitiúil freagrach freisin as an léarscáil deiridh bhliantúil a fhoilsiú. Foilsíodh é sin an 31 Eanáir 2025 don bhliain 2025, agus déanfar í a athbhreithniú go bliantúil. Ina dhiaidh sin, is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thabharfaidh faoi riar na cánach. Ba cheart ceisteanna faoin mapáil a chur chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Áirítear leo sin ceisteanna faoi na nithe seo a leanas:

  • Critéir le cur san áireamh ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Aighneachtaí maidir le dréacht-léarscáil bhliantúil
  • Cinntí maidir le dréacht-léarscáil bhliantúil
  • Achomhairc a dhéanamh ar chinneadh (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála) 
  • Léarscáil deiridh bhliantúil 
  • Aighneachtaí maidir le criosú ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2025 arna foilsiú an 31 Eanáir 2025

 

Ba chóir gach ceist maidir le riar na cánach a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirtear mionsonraí ar fáil ar a suíomh gréasáin faoi riar ginearálta na cánach agus naisc chuig treoir chuimsitheach faoin gcáin. Cuirtear mionsonraí ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim freisin faoin méid seo a leanas:

  • Daoine faoi dhliteanas
  • Méid na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe
  • Oibleagáid le clárú
  • Oibleagáid ar dhuine faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh 
  • Díolúintí ó Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe nó í a chur siar
  • Conas dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun ceisteanna a chur faoi riar an CTCC