Aighneacht a dhéanamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026

 

Is féidir aighneacht a chur isteach faoin 1 Aibreán 2025 chun: 

  • Talamh breise a shainaithint a fhéadfaidh a bheith faoi raon feidhme, ach nach bhfuil san áireamh sa dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026; 
  • Dúshlán a thabhairt maidir le talamh atá san áireamh ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir a chinneann an talamh sa raon feidhme;
  • Dúshlán an dáta óna meastar go bhfuil an talamh sa raon feidhme a thabhairt; agus/nó 
  • Tacú leis an eisiamh atá molta dá gcuid talún. 


Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór an suíomh a shainaithint go soiléir san aighneacht agus breac-chuntas a thabhairt ar an athrú (i.e. eisiamh talún ar léarscáil an údaráis áitiúil, an dáta ar ar chomhlíon an suíomh na critéir le cur san áireamh ar an léarscáil den chéad uair, nó tacaíocht don eisiamh molta talún ón léarscáil) ar mhapáil na Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe atá á lorg agat, chomh maith le bonn cirt a thabhairt don athrú atá á lorg. Caithfidh tú na critéir atá leagtha amach in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a lua san aighneacht ar a bhfuil tú ag brath i d’aighneacht don talamh a bheith sa raon feidhme nó lasmuigh den raon feidhme. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar d’aighneacht, féadfaidh an t-údarás áitiúil faisnéis bhreise a iarraidh, amhail cruthúnas ar úinéireacht. 

Aighneachtaí úinéir talún

Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le talamh atá agat féin nó thar ceann úinéir na talún, tabhair faoi deara an méid seo a leanas: 

  • Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh san aighneacht.
  • Ní mór léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a bheith in éineacht le haighneachtaí ó úinéir talún maidir lena dtalamh féin ag taispeáint na maoine ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a aithint. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
  • Má tá do thalamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar chúrsaí a léiríonn nach bhfuil an talamh sa raon feidhme don cháin, nó nach bhfuil an dáta ar ar measadh an talamh sa raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba cheart go ndéanfaí tagairt dóibh sin in aon aighneacht mar aon le fianaise lena mbreithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiaimh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachtar leis an aighneacht le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar le talamh a áireamh nó a eisiamh, 

le tagairt do na critéir sa reachtaíocht. 

Aighneachtaí tríú Páirtí

Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh nach leatsa féin, is aighnitheoir tríú páirtí tú ansin. 

I d’aighneacht ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • D’ainm agus do sheoladh.
  • Eolas chun an talamh a shainaithint - cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil ar a bhfuil imlíne an cheantair. I gcás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a shainaithint, b’fhéidir nach mbeidh sé in ann an aighneacht a chur san áireamh.
  • Maidir leis an talamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar chúrsaí a léiríonn nach bhfuil an talamh sa raon feidhme don cháin, nó nach bhfuil an dáta ar ar measadh an talamh sa raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba cheart go ndéanfaí tagairt dóibh sin in aon aighneacht mar aon le fianaise lena mbreithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiaimh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachtar leis an aighneacht le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar le talamh a áireamh nó a eisiamh, 

le tagairt do na critéir sa reachtaíocht. 

 

Cén cineál formáide ar cheart a bheith ar d’aighneacht? 

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:

 

  • Trí úsáid a bhaint as an tairseach aighneachta ar líne tar éis clárú ag consult.galwaycity.ie

  • Ar ríomhphost chuig rzlt@galwaycity.ie agus

  • Sa phost chuig An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.

 

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, bíodh sé sin ag an úinéir talún nó ag tríú páirtí, tabhair faoi deara an méid seo a leanas: 

 

  • Bailítear an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin chun aighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
  • Féadfar sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le haighnitheoir a mhaíonn gurb é/í an t-úinéir talún láithreáin ar leith é/í. Is éard a bheidh i gceist leis sin ná fianaise a iarraidh de réir mar is gá chun a n-úinéireacht ar an láithreán a chruthú, nó tuilleadh faisnéise a iarraidh ón úinéir talún.
  • Féadfaidh údarás áitiúil tuilleadh faisnéise a iarraidh ó Uisce Éireann, ón Údarás um Bóithre Náisiúnta nó ó dhuine dá dtagraítear in Airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, i gcás ina measann sé gur gá chun breith a thabhairt.
  • Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe Sonraí Pearsanta, féach ar ár Ráiteas Príobháideachais [nasc]  
  • Sainaithin aon chodanna de d’aighneacht ina bhfuil sonraí pearsanta nó sonraí íogaire tráchtála nach mian leat a fhoilsiú, le do thoil.