Cad a dhéanaim más Úinéir Tí mé

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad í an iarmhairt? 

Sainaithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann siad na critéir don cháin, atá bunaithe ar chriosuithe cónaithe-bhunaithe agus ar sheirbhísiú ag bonneagar atá oiriúnach chun tithíocht a sholáthar. Níl an teach agus an gairdín faoi dhliteanas na cánach, chomh fada is atá an teach faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). 

An gá dom aighneacht a chur isteach? 

Níl sé riachtanach. Fiú má aithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áiteanna cónaithe faoi dhliteanas i leith na cánach ina bhfuil siad faoi réir CMÁ. 

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047ha (1 acra) – 

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid sin, ní mór duit clárú don CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach agus do ghairdín faoi dhliteanas na cánach. Beidh tú in ann clárú don CTCC ó dheireadh R1 2025 ar aghaidh. Ní gá aon ghníomh a dhéanamh chun clárú ag an am seo. Féach ar revenue.ie le haghaidh mionsonraí ar an bpróiseas clárúcháin le do thoil, a bheidh ar fáil níos gaire don tráth. 

 

 

Critéir maidir le cuimsiú sa léarscáil 

Tugann Alt 653B den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997, le fios:- 

Sa Chuid seo, is tagairt do thalamh í tagairt do thalamh a shásaíonn na critéir ábhartha— 

(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht 2000, nó i bplean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, atá criosaithe— 

                (i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó 

                (ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe, 

(b) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith ag an talamh, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus 

(c) ina bhfuil sé réasúnach a mheas nach ndéantar difear dó, ó thaobh a riocht fisiciúil, le nithe ar bhealach leordhóthanach chun soláthar áiteanna cónaithe a chosc, lena n-áirítear éilliú nó láithreacht fothrach seandálaíochta nó stairiúla is eol, ach nach talamh é— 

                (i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe cóngaracha, 

                (ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin, 

                (iia) nach mbeadh a fhorbairt i gcomhréir le - 

                                (I) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean forbartha, an bonn céimnithe a ndéanfar forbairt ar thalamh faoin bplean i gcomhréir leis, mar a shonraítear sa phríomhstraitéis atá sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d’Acht 2000, nó 

                                (II) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean ceantair áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus le príomhstraitéis an phlean forbartha don cheantar a n-ullmhaítear an plean ceantair áitiúil ina leith, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá san áireamh sa phlean ceantair áitiúil de réir alt 19(2) Acht 2000, ar an dáta ar a bhfuil comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,

 

                (iii) faoina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh áitithe, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d’áitiú ag— 

                                (I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar, 

                                (II) saoráidí agus bonneagar iompair, 

                                (III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh, 

                                (IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide, 

                                (V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce, 

                                (VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó 

                                (VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha, 

                (iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt, nó 

                (v) ar a bhfuil tobhach na suíomhanna tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.