Cuirtear i láthair sa Phlean seo ról ceannaireachta na Comhairle i dtaobh uaillmhianta agus deiseanna móra a leagan amach do Mhuintir agus do Chathair na Gaillimhe, an ceathrú cathair is mó in Éirinn. Anuas air sin, tá sé mar bhonn agus thaca ag ceannaireacht na Cathrach go náisiúnta i dtaobh tacú le cultúr agus le hoidhreacht na hÉireann. Tá go leor spásanna glasa agus gorma i gcathair na Gaillimhe, tá breis agus 25,700 mac léinn tríú leibhéal inti agus is ann is mó a gcuirtear forbairt shocheacnamaíoch feadh Chonair Gheilleagrach an Atlantaigh chun cinn.
Níl aon chathair gan dúshláin - cuideoidh an Plean Corparáideach seo lenár gcathair chun dul i ngleic lenár ndúshláin agus borradh a chur fúithi - go mbeidh sí ina áit ina bhfuil pobail bheoga, go leor fostaíochta agus timpeallacht nádúrtha faoi rath.
Gabhaimid buíochas le gach duine a bhí páirteach in ullmhú an Phlean agus a raibh baint acu leis an rath atá ar ár gcathair go dtí seo. Tá rannpháirtíocht ár bpobal éagsúil, ár ngnólachtaí agus ár n-earnála deonaí ó gach taobh den chathair lárnach d‘fholláine leanúnach agus d’fhorbairt inbhuanaithe ár gcathrach.
Tá Comhaltaí, Foireann agus Lucht Bainistíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do leanúint de bheith ag tacú agus a bheith i mbun rannpháirtíochta le muintir na cathrach agus níos faide ó bhaile chun áit fháilteach agus faoi rath a dhéanamh de Chathair na Gaillimhe, i gcaitheamh shaolré an phlean seo.
Plean Corparáideach a Íosadáil
Attachment | Size |
---|---|
3.65 MB | |
4.83 MB | |
363.22 KB | |
2.09 MB |