Ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (CCG) Plean Corparáideach nua a ullmhú gach 5 bliana ina leagfar amach ráiteas físe agus misin do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, arb í an t-aon chomhlacht atá cuntasach i dtaobh cúrsaí daonlathacha sa chathair. Leagtar amach sa Phlean freisin na croíluachanna, na spriocanna corparáideacha agus na tosaíochtaí straitéiseacha a bhuntacaíonn le hobair na Comhairle, a lucht bainistíochta agus a foirne. Cuirtear an t-ardán ríthábhachtach ar fáil ann trína soláthraíonn an Chomhairle a seirbhísí.