Tá dhá ionad taibhithe, atá á mbainistiú agus á rith faoi scáth Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe – Amharclann na Cathrach atá i gCearnóg Theach na Cúirte i mBarr an Chalaidh agus an Dubhlann atá suite gar dó ar Bhóthar na Díge.
Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go gcuirtear deiseanna ar fáil le comóradh phoiblí chun duine, grúpaí daoine nó imeachtaí a bhfuil tábhacht ag baint leo a urramú, a cheiliúradh nó a mheabhrú.
Níl cead ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ach feithiclí a bhaint ó mhaoin phoiblí go hiondúil. Ní rachaidh an Chomhairle Cathrach isteach ar mhaoin phríobháideach chun feithicil a thógáil, mura bhfuil cás eisceachtúil i gceist.
Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.