An Beartas Ainmniúcháin agus Comóradh

Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go gcuirtear deiseanna ar fáil le comóradh phoiblí chun duine, grúpaí daoine nó imeachtaí a bhfuil tábhacht ag baint leo a urramú, a cheiliúradh nó a mheabhrú.

Leagtar amach sa phrótacal seo an próiseas trína mbreithneoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe imeachtaí nó daoine aonair a chomóradh, trí infreastruchtúr poiblí faoi úinéireacht nó faoi shainchúram Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a ainmniú nó trí shéadchomhartha, comóradh nó plaic a shuiteáil sa réimse poiblí laistigh de dhlínse Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

An Beartas Ainmnithe agus Cuimhneacháin 

Foirm Iarratais do Chuimhneachán Cathrach

D’fhéadfadh na comóradh a bheith i bhfoirm plaiceanna buana agus seasta, comóradh, séadchomhartha, ainmniú foirgnimh/bóthair nua agus rl.

Má bhíonn aon cheist agat nó más mian leat iarratais iomlán a dhéanamh, seol d'aighneacht chuig Seirbhísí Corparáideacha corporateservices@galwaycity.ie, le 'Beartas Ainmniúcháin' scríofa in ábhar an ríomhphoist.

 

Cuir Ainm ar an Ionad Spóirt Ilúsáide i Westside

(Aibreán 2024)

Tá Comhairle Cathtrach na Gaillimhe ag lorg moltaí maidir le hainm a chur ar an Ionad Spóirt Ilúsáide Westside i gcóngar d’iarÓstán Ghleann Dara ar Bhóthar an Easpaig Uí Dhónaill.


Is féidir mar shampla:

  •  
    • Duine a chur le saol nó stair an cheantair nó go deimhin an chathair
    • Comóradh ar eachtra stairiúil
    • Pearsa miotasach a bhfuil cáil dhearfach luaite leis
    • Dearcadh, mothúchán nó luach dearfach


Dá mba mhian leat nó gúpa pobail ainm a mholadh,

  •  
    • Scaoil isteach do mholadh ar an bhfoirm iarratais Beartas Ainmnithe roimh 6:00i.n. Dé hAoine an 3 Bealtaine 2024
    • Líon isteach Mír A, B, H, agus lena chois E sa gcás go bhfuil caoinchead ag teastáil. Fág na míreanna eile bán.

 


  •