An dteastaíonn cead uaim chun airgead a bhailiú do charthanas ar bhóthar nó ar chosán i gCathair na Gaillimhe?
Ba mhaith liom scannánaíocht a dhéanamh i gCathair na Gaillimhe, an dteastaíonn cead uaim?
Teastaíonn cead chun craein/crochán/cliabhán ardaithe soghluaiste a chur in airde ar bhóthar poiblí nó ar chosán a chothabhálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tá an Rannán Bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as úsáid Dumpairí Easbhóthair a údarú agus as ceadanna a eisiúint chun Dumpairí Easbhóthair a úsáid.
Féadfaidh an Chomhairle Cathrach ceadanna páirceála a eisiúint chun daoine ar ‘Cónaitheoirí’ i Limistéir Íoc agus Taispeáin iad a éascú. Féadfaidh cónaitheoirí incháilithe iarratas a dhéanamh ar na cineálacha cead páirceála seo a leanas:
Cead Cónaitheora
Cead Cuairteora
Cead Cúramóra
Tá Ceadúnas chun Bóthar a Oscailt de dhíth má theastaíonn ó dhuine aonair/conraitheoir cuid de bhóthar poiblí a thochailt, i.e. carrbhealach/cosán agus an chiumhais féir a bhaineann leis.
Teastaíonn Ceadúnas chun scipe bruscair a chur ar bhóthar poiblí/ar chosán a chothabhálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de réir na bhFodhlíthe um Rialú Scipeanna 2010.
Is beartas de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é dúnadh sealadach bóthair a éascú agus a dheonú nuair is féidir chun bainistíocht éifeachtach tráchta a chinntiú.
Modh iompair is ea iompróir paisinéirí gan inneall nach bhfuil inneall breosla ná leictreach ann cosúil le ricseá nó cóiste capaill, ar a dtugtar carr fostaithe chomh maith.