Dúnadh Sealadach Bóthair

Is beartas de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é dúnadh sealadach bóthair a éascú agus a dheonú nuair is féidir chun bainistíocht éifeachtach tráchta a chinntiú.

Céard iad na cúinsí ina gceadaítear dúnadh sealadach bóthair?

Is beartas de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é dúnadh sealadach bóthair a éascú agus a dheonú nuair is féidir chun bainistíocht éifeachtach tráchta a chinntiú.

Bronntar dúnadh bóithre go minic sna cúinsí seo a leanas.

Chun oibreacha tógála a éascú e.g. foirgneamh a scartáil

Chun oibreacha bóthair a dhéanamh

Chun rás bóthair, mórshiúl nó imeachtaí eile a éascú

Déanfar measúnú cuí ar gach iarratas chun bóthar a dhúnadh go sealadach.

Barr...

Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar dhúnadh sealadach bóthair?

Más mian leat bóthar a dhúnadh go sealadach, caithfidh tú Foirm Iarratais um Dhúnadh Sealadach Bóthair a chur isteach leis na ceangaltáin riachtanacha cúig seachtaine ar a laghad sula dteastaíonn an dúnadh bóthair.

Download Temporary Road Closure Application Form [English]

Íoslódáil Foirm Iarratais um Dhúnadh Sealadach Bóthair [Gaeilge]

Is féidir leat an fhoirm iarratais i gcomhair dúnadh sealadach bóthair a íoslódáil ón nasc thuas nó dul i dteagmháil le:

An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.

Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

Ba cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannóg Bóithre & Iompar Cothabháil, ag an seoladh thuas, tríd an bpost, ar facs nó go pearsanta chuig an gcuntar poiblí (9.00 am go 4.00pm, Luan go hAoine).

Cinntigh go mbíonn an cháipéisíocht chuí ar fad agus an táille chuí leis an bhfoirm iarratais, mar a leagtar amach ar an bhfoirm iarratais.

Déan teagmháil leis an Rannóg Bóithre & Iompar Cothabháil má bhíonn míniúchán ná cúnamh uait le d’iarratas mar gur féidir iarracht bhreise nach gá a sheachaint go minic.

Barr...

Cén t-achar fógra is gá dom a thabhairt más mian liom iarratas a dhéanamh ar dhúnadh sealadach bóthair?

Ba cheart an t-iarratas a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe cúig seachtaine ar a laghad roimh an dáta beartaithe don dúnadh sealadach bóthair d’fhonn dóthain ama a cheadú chun fógraí reachtúla a chur sa phreas áitiúil.

Barr...

Céard iad na fógraí reachtúla riachtanacha i gcomhair dúnadh sealadach bóthair?

Tá dhá fhógra reachtúla ag teastáil go dlíthiúil chun bóthar poiblí a dhúnadh go sealadach. Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na fógraí sin i nuachtán áitiúil.

1. Fógra Rúin chun an pobal a chur ar an eolas gur iarradh dúnadh bóthair agus chun deis a thabhairt don phobal aighneacht nó agóid a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

2. Foilseofar Fógra Cinnidh tar éis aon aighneachtaí nó agóidí a chur san áireamh.

Barr...

Céard iad na coinníollacha a bhaineann le dúnadh sealadach bóthair?

Chun liosta de na coinníollacha a bhaineann le dúnadh sealadach bóthair a fháil, breathnaigh ar an sceideal faoi iamh leis an bhfoirm iarratais. D’fhéadfaí coinníollacha breise a chur i bhfeidhm ar an ndúnadh ag brath ar raon an dhúnta bheartaithe.

Download Temporary Road Closure Application Form [English]

Íoslódáil Foirm Iarratais um Dhúnadh Sealadach Bóthair [Gaeilge]

Barr...

An mbaineann táille le dúnadh sealadach bóthair?

Baineann na táillí seo a leanas le costais a thabhaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe as an ndúnadh sealadach bóthair:

Scála A (dúnadh áitiúil ar scála beag): €600

Scála B (forleathan, dúnadh ar scála mór): €1,150

D’fhéadfaí táille bhreise a ghearradh má bhíonn tionchar ar pháirceáil Íoc agus Taispeáin

D’fhéadfaí táillí breise a ghearradh nuair a dhéantar breith ar an iarratas

Barr...

Céard iad na modhanna íocaíochta do tháillí a bhaineann le dúnadh sealadach bóthair?

Is féidir táillí a íoc le hairgead tirim, le seic nó le cárta creidmheasa san oifig airgid i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Caithfear íocaíocht a dhéanamh sula gcuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe Fógra Rúin sa nuachtán.

Barr...

An gá dom aon duine nó aon chomhlacht eile a chur ar an eolas maidir le dúnadh sealadach bóthair?

Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na Seirbhísí Otharchairr, Dóiteáin agus na Gardaí ar an eolas faoin ndúnadh beartaithe. Ag brath ar an iarratas, d’fhéadfaí iarraidh ar an iarrthóir teagmháil a dhéanamh leis na cónaitheoirí ar fad a gcuirfear srian nó bac ar a rochtain feithicle ar a maoin bhaile nó ghnó. Déanfar é seo ar chostas an chustaiméara agus i leagan amach a aontófar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Barr...

Cén chaoi a gcuirtear an pobal ar an eolas faoi dhúnadh sealadach bóthair beartaithe?

Tugtar fógra ar gach dúnadh bóthair i nuachtáin áitiúla agus trí shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Is féidir léarscáil den cheantar ar a mbeidh tionchar mar gheall ar an dúnadh bóthair agus ar mhalairt slí a fháil chomh maith ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Barr...

Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil más mian liom Dúnadh Bóthair a phlé?

An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.

Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

Barr...

Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil más mian liom aighneacht nó agóid a dhéanamh maidir le dúnadh sealadach bóthair?


An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.

Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

Barr...