-
Céard is iompróir paisinéirí gan inneall ann?
Modh iompair is ea iompróir paisinéirí gan inneall nach bhfuil inneall breosla ná leictreach ann cosúil le ricseá nó cóiste capaill, ar a dtugtar carr fostaithe chomh maith.
Teastaíonn Ceadúnas chun feithicil paisinéara gan inneall a fheidhmiú laistigh den cheantar agus de na teorainneacha a rialaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe de réir nabhFodhlíthe um Iompróir Paisinéara gan Inneall 2013
-
Céard iad na fodhlíthe a bhaineann le hIompróirí Paisinéirí gan Inneall?
Breathnaigh thíos chun teacht ar na fodhlíthe reatha i ndáil le hIompróirí Paisinéara gan Inneall.
- Non-Motorised Passenger Transporter Bye-Laws 2013 [English]
- Fodhlíthe um Iompróir Paisinéara gan Inneall 2013 [Gaeilge]
Nó féadfaidh tú dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar seo a leanas chun cóip a fháil:
An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.
Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie -
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar cheadúnas ar Iompróir Paisinéirí gan Inneall?
Is gá iarratas a dhéanamh le:
An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.
Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ieCliceáil anseo chun na cáipéisí a leanas a íoslódáil:
Ba cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannóg Bóithre agus Iompar Cothabháil, ag an seoladh thuas, tríd an bpost, ar facs nó go pearsanta chuig an gcuntar poiblí (9.00 am go 4.00pm, Luan go hAoine).
Cinntigh go mbíonn an cháipéisíocht chuí ar fad agus an táille chuí leis an bhfoirm iarratais, mar a leagtar amach ar an bhfoirm iarratais.
Déan teagmháil leis an Rannóg Bóithre agus Iompar Cothabháil, má bhíonn míniúchán ná cúnamh uait le d’iarratas mar gur féidir iarracht bhreise nach gá a sheachaint go minic.
-
Céard é costas an cheadúnais?
Cosnaíonn an ceadúnas €100.
Is féidir an táille a íoc le hairgead tirim, le seic nó le cárta creidmheasa ag an oifig airgid i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
-
An féidir liom achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear ceadúnas a thabhairt dom d’Iompróir Paisinéirí gan Inneall?
Féadfaidh iarrthóir achomharc a dhéanamh ar chinneadh de chuid na Comhairle iarratas a dhiúltú trí
litir a scríobh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, An Rannóg Bóithre agus Iompar Cothabháil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, laistigh de mhí amháin ó dháta diúltaithe an iarratais.
-
Cén áit nach féidir Iompróir Paisinéirí gan Inneall a úsáid?
Ní féidir Iompróir Paisinéirí gan Inneall a fheidhmiú sna háiteanna seo a leanas:
- Sráideanna Coisithe
- Cosáin Phoiblí, beag beann ar a leithead
- Spásanna Glasa Poiblí Oscailte
- Páirc Uí Chinnéide san Fhaiche Mhór
- Promanáid Bhóthar na Trá
- Tránna Poiblí
Iompróir gan Inneall
Modh iompair is ea iompróir paisinéirí gan inneall nach bhfuil inneall breosla ná leictreach ann cosúil le ricseá nó cóiste capaill, ar a dtugtar carr fostaithe chomh maith.