-
An dteastaíonn cead uaim chun Dumpaire Easbhóthair a úsáid ar bhóthar poiblí?
Teastaíonn. Tá an Rannán Bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as úsáid Dumpairí Easbhóthair a údarú agus as ceadanna a eisiúint chun Dumpairí Easbhóthair a úsáid.
An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.
Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie
Tá sé de fhreagracht ar an iarrthóir a chinntiú nach ndéantar damáiste don bhóthar ar a bhfuil an fheithicil á húsáid ná nach bhfágtar é i ndroch-chaoi tar éis an fheithicil a úsáid air.Geallann an t-iarrthóir cúiteamh a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as aon damáiste a dhéantar do bhóithre poiblí nuair a úsáidtear an fheithicil faoin gcead.
-
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar chead chun Dumpaire Easbhóthair a úsáid?
Íoslódáil foirm iarratais chun cead a fháil a údaraíonn úsáid “Dumpaire Easbhóthair”.
Nó téigh i dteagmháil leis an rannán bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.
An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.
Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie -
An féidir an cead a úsáid le aghaidh níos mó ná feithicil amháin?
Is féidir. Tá an cead a eisítear bailí don fheithicil/do na feithiclí, do na dátaí agus don bhealach a leagtar amach san iarratas.
-
Céard iad na coinníollacha a bhaineann le Cead Dumpaire Easbhóthair?
Geallann iarrthóir an cheada cúiteamh a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as aon damáiste a dhéantar do bhóithre poiblí nuair a úsáidtear an fheithicil faoin gcead.
Cead Dumpairí Easbhóthair
Tá an Rannán Bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as úsáid Dumpairí Easbhóthair a údarú agus as ceadanna a eisiúint chun Dumpairí Easbhóthair a úsáid.