An dteastaíonn cead uaim chun airgead a bhailiú do charthanas ar bhóthar nó ar chosán i gCathair na Gaillimhe?
Teastaíonn – is gá cead a fháil roimh ré. Más mian leat imeacht a reáchtáil nó scannánaíocht a dhéanamh i gCathair na Gaillimhe, caithfidh an t-iarrthóir an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach i scríbhinn:
An áit a mbeidh an t-imeacht ar siúl
A mbeidh i gceist leis an imeacht
An t-am a mbeidh an t-imeacht ar siúl
Cuspóir an imeachta
Tionchar féideartha an imeachta ar úsáideoirí bóthair, ar dhaoine sa cheantar
Ba cheart iarratais a sheoladh isteach i scríbhinn nó trí ríomhphost chuig:
An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie
Teileafón: 091 536400
Déanfar an t-iarratas a mheas agus d’fhéadfaí tuilleadh faisnéise a iarraidh trí chruinniú leis an iarrthóir nó trí aighneachtaí breise.
Caithfidh an t-iarrthóir an t-iarratas a sheoladh isteach cúig seachtaine ar a laghad roimh an imeacht.
Ba mhaith liom scannánaíocht a dhéanamh i gCathair na Gaillimhe, an dteastaíonn cead uaim?