Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025

Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025

Fáilteoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, trí Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CFPÁ), roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí agus clubanna pobail áitiúla laistigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe faoi scéim nua  na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP), an Clár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2025.  

Tá CFÁ 2025 á riar ag CFPÁ Chathair na Gaillimhe thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus tá €114,363 i maoiniú caipitil agus €20,241 i maoiniú reatha ar fáil. 

Cuideoidh an CFÁ le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste chun obair riachtanach dheisiúcháin agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, trealamh a cheannach, mar shampla, boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, ceannbhrait agus trealamh oiliúna etc. Chomh maith lena gcostais reatha gan phá, mar shampla, costais fuinnimh (costais leictreachais, táillí bruscair, muirir téimh) nó costais oibriúcháin eile gan phá mar shampla costais chíosa/léasa, billí árachais.

Faoin gclár, déanfaidh CFPÁ Chathair na Gaillimhe cuid den mhaoiniú a imfhálú chun deontais bheaga chaipitil €1,000 nó níos lú a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas líon níos mó grúpaí a bhfuil acmhainní teoranta acu maoiniú a fháil. 

Tá an scéim leagtha amach chun a chinntiú go ndéanfar tosaíochtaí áitiúla a aithint agus a chur i gcrích, d’fhonn áiseanna pobail a fheabhsú do gach duine agus d’fhonn cur leis na háiseanna pobail sin. Ba chóir go mbainfeadh iarratais le príomhcheantar tosaíochta amháin nó níos mó mar a aithnítear i bPlean Pobail agus Eacnamaíochta Áitiúil Chathair na Gaillimhe 2024 – 2029 atá le fáil ar líne ag https://www.galwaycity.ie/local-economic-and-community-plan/lecp.

Más mian leat iarratas ar líne a dhéanamh ar Mhaoiniú Caipitil faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil, déan sin ansin: www.galwaycity.ie/lepcapital   

Más mian leat iarratas ar líne a dhéanamh ar Mhaoiniú Reatha faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil, déan sin anseo: www.galwaycity.ie/lepcurrent.  

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin méid atá thuas is féidir teagmháil a dhéanamh le Chelsea McConn Joyce / Saoirsa Kilroy trí ríomhphost a sheoladh chuig candc@galwaycity.ie nó glaoch ar an uimhir 091-536 461/ 091 - 536358

4.00pm Dé hAoine an 31 Eanáir 2025 an dáta deiridh le haghaidh gach iarratas ar líne.

Féach ar an nasc seo thíos chun an preasráiteas a léamh agus chun tuilleadh eolais a fháil: https://www.gov.ie/en/press-release/95a67-ministers-humphreys-and-obrien-announce-new-7m-department-of-rural-and-community-development-local-enhancement-programme-2025/

Document LEP 2025 Guidelines - Galway City Council.pdf (PDF, 122.59KB)

 

Document Local Enhancement Programme 2025 Capital Funding Questions List.pdf (PDF, 215.4KB)

 

Document Local Enhancement Programme 2025 Current Funding Question List.pdf (PDF, 214.71KB)

 

Document LEP 25 Webinar Slides.pdf (PDF, 1.84MB)

 

Document Supplier Setup form GCC 2024.pdf (PDF, 272.25KB)