Gairm Oscailte 2026 Éire Ildánach Seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Cúis áthais do Mheitheal Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Gairm Oscailte a fhógairt do ghrúpaí pobail, eagraíochtaí agus lucht shaothrú na cruthaitheachta i nGaillimh maidir le hiarratas ar Gairm Oscailte Phobail Ildánacha do Chomhpháirtithe Straitéiseacha 2027. Cuirtear na deontais seo ar fáil mar chuid de Chlár Éire Ildánach Chathair na Gaillimhe d’fhonn gníomhaíochtaí cruthaitheachta agus cultúir, arna n-eagrú i rith na bliana 2027, a thabhairt i gcrích.
Dátaí Tábhachtacha:
-
Táthar ag glacadh le hiarratais anois: 9am an 22 Deireadh Fómhair 2026
-
Seisiúin eolais: 17-19 Samhain 2026
-
An Spriocdháta d'Iarratais: 12 Meán Lae an 21 Eanáir 2027
Beidh seisiúin eolais ar siúl ón 17-19 Samhain.
-
Dé Máirt an 17 Samhain – Ionad Acmhainní an Taoibh Thiar:7-8pm
-
Dé Céadaoin an 18 Samhain – Ar líne: 1-2pm*
-
Déardaoin an 19 Samhain – Ionad Acmhainní Pobail an Bhaile Bháin - 7-8pm
-
Tá sé mar chuspóir leis na seisiúin seo an Ghairm Oscailte a chur chun cinn, ceisteanna a fhreagairt, smaointe a roinnt, agus líonrú a dhéanamh. Déanfaidh an tOifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha cur i láthair gearr agus beidh seisiún Ceisteanna & Freagraí ar siúl ina dhiaidh sin chomh maith le fóram oscailte do dhíospóireacht.
Tá teorainn ar na spásanna atá ar fáil ag seisiúin Dé Máirt/Déardaoin. Seol ríomhphost chuig creativeireland@galwaycity.ie chun áit a chur in áirithe, nó chun nasc a fháil chuig na seisiúin ar líne Dé Céadaoin.
Chun fiosrúcháin a dhéanamh, seol ríomhphoist chuig creativeireland@galwaycity.ie
Cinntigh go dtugann tú dóthain ama chun freagra a thabhairt ar d’fhiosruithe roimh an spriocdháta.