Éire Ildánach

Is clár cultúr-bhunaithe é Éire Ildánach atá leagtha amach chun folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn.

Cruinniú na nÓg - 6 June 2026

Cruinniú na nÓg 2026

 

Is i bPáirc an Athar de Búrca in Iarthar Chathair na Gaillimhe a bheidh Cruinniú na nÓg na bliana seo ar siúl. Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh d’ealaíontóirí, do chleachtóirí cruthaitheacha agus do ghrúpaí óige tionscadail agus tionscnaimh chruthaitheacha a chur isteach atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine óga idir 0-18 mbliana d’aois a gcuirfear clabhsúr orthu ar an 6 Meitheamh le taispeántas, taibhiú nó seóthaispeántas i bPáirc an Athar de Búrca.  D’fhéadfadh roinnt gnéithe a bheith ar siúl i gcomharsanachtaí áitiúla roimh an Lá Náisiúnta (e.g. ceardlanna nó cleachtaí), ach ba cheart an ghníomhaíocht a thabhairt i gcrích Dé Sathairn, an 6 Meitheamh 2026.

Beidh deontais idir €500 agus €3,000 i gceist.

Is é Cruinniú na nÓg an lá náisiúnta cruthaitheachta do leanaí agus do dhaoine óga.  Déantar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chultúr agus sa chruthaitheacht a cheiliúradh agus a spreagadh le linn an imeachta trí ghníomh cruthaitheach atá saor in aisce, inrochtana agus bunaithe ar ghníomhaíocht a chur ar fáil ina gceantair féin.

Dáta deiridh d’iarratais: Dé Máirt, 7 Aibreán 2026 ag 4pm.

Léigh na Treoirlínte anseo

Cuir tús le d’iarratas anseo