Deiseanna Ealaíona 2026
Deiseanna Tréimhse Cónaitheachta d’Ealaíontóirí 2026
Beidh fáilte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh iarratais ar Thréimhsí Cónaitheachta i rith na bliana 2026 ó shaothraithe na cruthaitheachta atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe. Caithfidh iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ar fáil don tréimhse cónaitheachta ar na dátaí a shonraítear.
Tá tréimhsí cónaitheachta ar fáil in:
Ionad Tyrone Guthrie (1- 15 Deireadh Fómhair 2026)
Áras Éanna, Inis Oírr (5 - 29 Bealtaine 2026)
Tréimhse Chónaitheachta Pat Coleman do Scríbhneoir atá ag Teacht chun Cinn (5 - 29 Bealtaine 2026)
Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 13 Aibreán 2026
Seoltar aon cheist chuig arts@galwaycity.ie le “Fiosrú faoi Thréimhsí Cónaitheachta d’Ealaíontóirí 2026” sa líne maidir le hábhar na teachtaireachta.
Deontais Ealaíon Bronnta 2026
Deontas Ealaíon 2026
Faoin Deontas d’Eagraíochtaí Ealaíon 2026, bronnadh €450,000 ar dhá shnáithe, an snáithe Pobail, Deonach agus Amaitéireach, ina bhfuil 22 ghrúpa thairbhíocha ar fud na cathrach, chomh maith leis an snáithe Gairmiúil, ina bhfuil 32 eagraíocht ghairmiúla ag fáil maoiniú chun eispéiris chultúir spéisiúla agus iontacha a chur ar fáil ar fud Chathair na Gaillimhe. Cliceáil anseo le theacht ar liosta na nDámhachtaí do Deontas Eagraíochta Ealaíon 2026
Sparántacht Cleachtóirí Cruthaitheacha 2026
Bhí luach €45,000 san iomlán i gciste na Sparánachta do Chleachtóir Cruthaitheachta, agus gradaim á bhfáil ag 33 ealaíontóir atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe chun saothair nua a fhorbairt agus chun tacú le cleachtais. Bronnadh gradaim ar chleachtóirí cruthaitheachta i staideanna éagsúla dá ré gairme i ndisciplíní éagsúla; lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta dó, an amharclannaíocht, scannánóireacht, ceol, na hamharc-ealaíona, ealaíona ildisciplíneacha, filíocht agus damhsa. Cliceáil anseo le theacht ar liosta na nDámhachtaí do Spárántas Cleachtóirí Cruthaitheacha 2026
Deontas do Bhannaí 2026
Cuireann scéim an Deontais Léirithe Banna Ceoil €20,000 ar fáil go bliantúil do bhannaí scoile agus pobail na cathrach. Cuidíonn an deontas le forbairt agus taibhléiriú bannaí ceoil i gCathair na Gaillimhe. Bronnadh deontais na bliana seo ar 10 mbanna sa chathair, lena n-áirítear grúpaí scoile agus Banna Práis Naomh Pádraig, agus oibríonn siad go léir le daoine óga. Cliceáil anseo le theacht ar liosta na nDámhachtaí Deontas do Bannaí 2026
Deontais Ealaíon Bronnta 2025
Cliceáil anseo chun liosta na nDámhachtainí Deontas Eagraíochta Ealaíon do 2025 a fheiceáil.
Cartlann Deiseanna Ealaíon 2026