Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine

Tá measúnú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhréir le hAlt 42 den Acht um Chomhionannas agus Cearta an Duine san Earnáil Phoiblí, 2014, ar shaincheisteanna comhionannais agus chearta an duine do na grúpaí aitheanta a chreideann sí a bheith ábhartha dá feidhmeanna agus dá cuspóir.

Tá measúnú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhréir le hAlt 42 den Acht um Chomhionannas agus Cearta an Duine san Earnáil Phoiblí, 2014, ar shaincheisteanna comhionannais agus chearta an duine do na grúpaí aitheanta a chreideann sí a bheith ábhartha dá feidhmeanna agus dá cuspóir. Tá an measúnú le fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tá an measúnú a deineadh bunaithe ar fhianaise, trí úsáid a bhaint as taighde náisiúnta agus áitiúil, agus rannpháirteach, trí ionadaithe ón tsochaí shibhialta as na grúpaí aitheanta don Dualgas a áireamh sa Mheasúnú. Cuimsítear sna grúpaí sainaitheanta na grúpaí sin a chumhdaítear leis na naoi bhforas faoin reachtaíocht; grúpaí atá i mbaol bochtaineachta nó atá thíos leis an mbochtaineacht, grúpaí le mbaineann forais thrasnacha; agus sealbhóirí aonair ceart faoi na hionstraimí ábhartha maidir le cearta an duine. 

Agus úsáid á baint as an measúnú ar shaincheisteanna comhionannais agus chearta an duine, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na tionscnaimh spriocdhírithe seo a leanas i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ábhartha comhionannais agus chearta an duine trí na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:  

  • Straitéis na Cathrach a Thacaíonn le Daoine Breacaosta 
  • Straitéis na Comhairle maidir le Lánpháirtiú 
  • Straitéis na Comhairle maidir le Tithíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas 
  • Clár Cóiríochta do Lucht Siúil na Cathrach 

Agus an Plean Corparáideach á ullmhú, shainaithin Comhairle Cathrach na Gaillimhe ocht saincheist comhionannais uileghabhálacha tosaíochta agus saincheisteanna chearta an duine mar fhócas le linn an Plean Corparáideach a bheith á fhorbairt. Ar bhonn níos leithne, agus aitheantas á thabhairt do chineál leanúnach Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, agus don ghá atá ann aghaidh a thabhairt ar réimse iomlán na saincheisteanna comhionannais agus chearta an duine a sainaithníodh inár measúnú, tá plean forfheidhmithe forbartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe don Dualgas. Tá an plean cur chun feidhme seo ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.  

Leagtar amach sa phlean forfheidhmithe na céimeanna a ghlacfar chun cur i bhfeidhm leanúnach an Dualgais a chumasú, lena n-áirítear Meitheal Dualgais tras-eagraíochta a thionól chun an obair seo a bhrú chun cinn agus a phleanáil; eolas agus oiliúint na foirne de réir mar is gá; agus cumarsáid inmheánach maidir lenár luachanna comhionannais agus chearta an duine.