An Scéim
Is éard atá i gceist le Tionscadal Thrasrian Coisithe Dhroichead na mBradán ná trasrian sealadach do choisithe a thógáil trasna Bhóthar na hOllscoile (an R863) ag Ardeaglais na Gaillimhe. Is trasrian túcánach atá anseo (i.e. trasrian atá rialaithe ag comharthaí do choisithe, do dhaoine atá ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu, agus do rothaithe). Ceanglaíonn an trasrian an cosán ar Bhóthar na hOllscoile, in aice le Garraí an Iascaigh, le Droichead an Dóchais agus feabhsófar an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóthair.
Is trasnú túcáin (i.e. Trasrian atá rialaithe ag comharthaí do choisithe agus do rothaithe) atá sa trasrian coisithe sealadach agus beidh sé lonnaithe ar an taobh thiar de Dhroichead na mBradán.
Críochnaíodh an tógáil i Ráithe 1 2026.