An Scéim
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh an bonneagar siúil agus rothaíochta a fheabhsú ar feadh achair Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir). Cuirfidh an fhorbairt seo bealach ar fáil a bheidh sábháilte dóibh siúd a bhíonn ag siúl, ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu agus ag rothaíocht, lena n-áirítear úsáideoirí a bheadh i gcontúirt ar na bóithre. Tá iarratas ar chead pleanála curtha isteach maidir leis an tionscadal seo.
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an tionscadail seo:
- Forbairt an Bhealaigh: Áiseanna rothaíochta ar ardchaighdeáin a chur ar fáil feadh an bhealaigh atá ainmnithe, rud a chuideoidh go mór leis na cuspóirí atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair a bhaint amach, is é sin an t-athrú ó úsáid an ghluaisteán go dtí modhanna iompair gníomhacha a spreagadh.
- Iompar Poiblí: Soláthar a dhéanamh chun gur féidir feabhas a chur ar bhonneagar na stadanna bus i gcás na seirbhísí bus atá cheana féin ar gach bealach bus.
- Idirnascadh le scéimeanna eile: Sa gcaoi is go bhféadfar ceangal a dhéanamh amach anseo le scéimeanna iompair gníomhacha eile atá cheana féin sa gceantar chomh maith leo siúd atá na bacáin, ina measc Bóthar an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin agus ar aghaidh fad leis an BusConnects a bheidh amach anseo: ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.
Imeacht Faisnéise Poiblí Buail Isteach
CLG Naomh Séamus, H91 H983
3 i.n.-7 i.n., Déardaoin 13 Lúnasa 2026Chun cabhrú leat do thuairimí a thabhairt, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag reáchtáil Imeacht Eolais Buail Isteach don Phobal ag a mbeidh baill d’fhoireann an tionscadail ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoin obair atá beartaithe agus chun comhairle a chur ort maidir leis an bpróiseas pleanála.
Ar na hoibreacha beidh:
- Raon rothar nua dhá bhealach feadh an taobh thuaidh den bhóthar, 3m ar leithead go hiondúil (ach níos lú in áiteanna ina bhfuil an spás teoranta).
- Cosáin nua, uasghrádaithe 2m ar dhá thaobh an bhóthair.
- Leithead an charrbhealaigh atá ann cheana féin a laghdú.
- Acomhail a theannadh agus trasrianta ardaithe do choisithe a thabhairt isteach agus dromchla leanúnach do choisithe a chur ar gach taobh-bhóthar chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí na siúlóirí agus na ndaoine atá ag úsáid rothaí.
- Trasrianta leanúnacha le haghaidh rothair ar gach acomhal ar na taobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseacht na rothaithe.
- Trasrianta do choisithe agus do rothaithe a chur ar fáil ag aon acomhal ina bhfuil comharthaíocht.
- Trasrianta do choisithe a chur ar fáil ar fud na scéime.
- Uasghrádú ar na háiseanna ag gach ceann de na stadanna bus atá cheana féin feadh an bhealaigh.
- Uasghrádú ar an R339 Bóthar Mhuine Mheá / an L5029 Acomhal Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Cén fáth nach bhfuil lána bus san áireamh?
Mar chuid den tionscadal seo déanfar uasghrádú ar na háiseanna ag gach ceann de na stadanna bus atá cheana féin feadh an bhealaigh. Ní bheidh aon lána bus mar chuid den tionscadal, ós rud é go dteastódh ceannach éigeantach réadmhaoine, lena n-áirítear tailte atá faoi úinéireacht gnólachtaí áitiúla agus gairdíní tosaigh daoine, ina leith sin.
Abair Leat
Táthar ag cur isteach ar Iarratas ar Chead Pleanála Chuid 8 i ndáil leis an scéim seo. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag súil le do thacaíocht, do chuid ceisteanna agus do chuid aiseolais mar chuid den phróiseas seo. Is é an 4 Meán Fómhair an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.
Déanfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, i scríbhinn chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, nó ag https://planning.localgov.ie/, nó ar ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie, ach iad a bheidh faighte an Dé hAoine 4 Meán Fómhair, nó roimhe, agus ba cheart iad a mharcáil go soiléir le Scéim Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) maidir le Taisteal Gníomhach. Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le gach taifead atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.