Deontais Tithíochta

Féach ar na Deontais Tithíochta atá ar fáil duit.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

Deontas um Chóiriú Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá an Deontas um Chóiriú Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil le cabhrú chun oibreacha a dhéanamh atá riachtanach go réasúnach chun críocha teach a dhéanamh níos oiriúnaí do chóiríocht duine faoi mhíchumas a bhfuil lagú fisiciúil, céadfach, meabhairshláinte nó intleachtach fadtéarmach ag gabháil dóibh. 

Áirítear leis na cineálacha oibreacha a cheadaítear faoin scéim soláthar rampaí rochtana, áiseanna leithris thíos staighre, cathaoireacha staighre, ceathanna inrochtana, cóirithe chun rochtain cathaoir rothaí a éascú, síneadh, agus aon oibreacha eile atá riachtanach go réasúnach chun críocha teach a dhéanamh níos oiriúnaí do chóiríocht duine faoi mhíchumas.

Caithfear Tuairisc ó Theiripeoir Saothair (OT) a chur isteach le d'iarratas ar aon cheann de na hoibreacha seo a leanas:

  • Athrú mór le húsáid seomra i do theach;
  • Cathaoir staighre;
  • Síneadh.

Féadfaidh an Chomhairle Tuairisc OT a iarradh ar oibreacha eile má mheastar sin a bheith riachtanach tar éis iniúchadh tosaigh.

Tá níos mó faisnéise ar fáil ar an deontas seo tríd an fhoirm iarratais thíos a íoslódáil.