Rinneadh ceann scríbe de Shráidbhaile agus de Chladach Bhóthar na Trá do chónaitheoirí cathrach, do thurasóirí lae agus do lucht saoire i lár an 19ú haois nuair a tógadh an phromanáid; tráth ar thosaigh muintir na háite agus cuairteoirí araon ag dul ann chun taitneamh a bhaint as an gcladach agus as an aer úr. Sna blianta ina dhiaidh sin, rinneadh limistéar snámha tábhachtach den áit nuair a tógadh an túr tumadóireachta, na linnte taoide (nach bhfuil in úsáid a thuilleadh) agus scáthláin trá. Ó na 1950idí ar aghaidh, tháinig forbairt ar an gceantar le tógáil tithíochta, óstán agus saoráidí do thurasóirí.