Féadfaidh údaráis áitiúla bánna páirceála ainmnithe a sholáthar do thiománaithe a bhfuil cead míchumais acu nó do thiománaithe paisinéirí a bhfuil cead míchumais acu.
Tacaíonn an bhithéagsúlacht le beatha ar domhan agus tá an bhithéagsúlacht mar chuid dár saol laethúil. Bímid ag brath ar an mbithéagsúlacht don aer agus d’uisce glan, d’ithir fholláin, bia, ábhair thógála agus cógais leighis.
San t-eolas seo leagtar amach cad is brí leis an téarma ‘glacadh ar láimh’, cé atá ábalta a iarraidh go ndéanfaí forbairt chríochnaithe a ghlacadh ar láimh agus na nósanna imeachta atá i gceist.
Seo é ceaptha le bheith ina treoir phraiticiúil. Ní léirmhíniú deifnídeach dlíthiúil í ar an dlí pleanála. Le haghaidh tuilleadh eolais, ba chóir duit dul i gcomhairle le Roinn Iompair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Ar líne ar shuíomh gréasáin MyCoCo.
Ar an teileafón ar 091 536400, (9am go 5pm, Luan go hAoine)
Ag an oifig airgid, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Mar chuid de thionscadal nua comhoibríoch, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhar le háitritheoirí áitiúla agus le daoine óga i roinnt ceantar chun dhá lána sa chathair a ‘ghlasú’ agus spásanna a dhéanamh astu atá beathach, spraíúil, báúil le nádúr, as ar féidir leis an bpobal go léir sult a bhaint astu.
Féadfaidh údaráis áitiúla, in éineacht le soláthraithe iompair phoiblí, saoráidí páirceála agus taistil a sholáthar ionas gur féidir le daoine a gcarr a pháirceáil i gcarrchlós ainmnithe agus aistriú chuig iompar poiblí.
Páirceáil Íoc agus Taispeáin an cineál páirceála is coitianta atá ar fáil i gCathair na Gaillimhe. Ceannaíonn tú ticéad ó mheaisín Íoc agus Taispeáin roimh ré a cheadaíonn duit páirceáil ar shráideanna cathrach sainithe nó i gcarrchlóis phoiblí, ar feadh tréimhse ama áirithe. Caithfear an ticéad Íoc agus Taispeáin a thaispeáint go soiléir ar dheais d’fheithicle.