Páirceáil agus Taistil

Féadfaidh údaráis áitiúla, in éineacht le soláthraithe iompair phoiblí, saoráidí páirceála agus taistil a sholáthar ionas gur féidir le daoine a gcarr a pháirceáil i gcarrchlós ainmnithe agus aistriú chuig iompar poiblí.

  • Cén uair a thosaíonn Seirbhís Páirceáil agus Taistil na Nollag?

    Tuilleadh Eolais ar Sheirbhís Páirceála & Taistil na Nollag 2024 ar fáil go luath.

  • An bhfuil na Busanna Inrochtana?

    Tá busanna inrochtana do chathaoireacha rothaí ar fáil.

    Barr...

  • Céard iad Buntáistí na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?

    Cuireann an tSeirbhís Páirceála & Taistil bealach ar fáil dóibh siúd atá “ag siopadóireacht, ag ithe amuigh nó ag tabhairt cuairte ar ionaid agus imeachtaí” chun taitneamh a bhaint as bealach saor ó strus chun taisteal chuig agus ón gcathair.

    Barr...

  • Cé a chuireann an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil?

    Is tionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é Seirbhís Páirceála agus Taistil na Nollag atá dírithe ar bhrú tráchta i gCathair na Gaillimhe a mhaolú roimh an Nollaig.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil?

    Tá tuilleadh sonraí faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil ó

    An Rannóg Bóithre & Iompar (Cothabháil),
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.
    Teil: 091 536400
    roads@galwaycity.ie 

    Barr...