Bithéagsúlacht

Tacaíonn an bhithéagsúlacht le beatha ar domhan agus tá an bhithéagsúlacht mar chuid dár saol laethúil. Bímid ag brath ar an mbithéagsúlacht don aer agus d’uisce glan, d’ithir fholláin, bia, ábhair thógála agus cógais leighis.

Cad is Bithéagsúlacht ann?

Is ionann an bhithéagsúlacht nó éagsúlacht bhitheolaíochta go simplí agus na nithe éagsúla atá ag maireachtáil ar domhan – ina measc, daoine, plandaí, ainmhithe, fungi agus miocrorgánaigh. Tagraíonn an téarma bithéagsúlacht do níos mó ná speicis aonair áfach agus áirítear na géinte atá iontu, na héiceachórais agus na gnáthóga ina bhfuil siad mar chuid de agus léirítear freisin an t-idirspleáchas agus an t-idirnascadh idir gach ní atá beo.

Is ionann Bithéagsúlacht nó Éagsúlacht Bitheolaíochta agus “An inathraitheacht i measc orgánaigh beo ó gach foinse, ina measc, inter alia, éiceachórais talún, mara agus uisceach eile agus na castachtaí éiceolaíochta ina bhfuil siad mar chuid de; áirítear leis sin éagsúlacht laistigh de speicis agus éiceachórais”, mar a shainmhínítear ag an gCoinbhinsiún ar Éagsúlacht Bitheolaíochta (CBD). 

Bhí an CBD mar chuid de Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar an gComhshaol agus Forbairt, nó “Cruinniú Mullaigh an Domhain’, a reáchtáladh in Rio de Janeiro i 1992.  Is soláthar tábhachtach é Plean Gnímh Náisiúnta Bithéagsúlachta na hÉireann den CBD agus is gníomh de chuid an Phlean Gnímh Náisiúnta Bithéagsúlachta forbairt an Phlean Gnímh Áitiúil Bithéagsúlachta.

Cén fáth go bhfuil tábhacht leis an mBithéagsúlacht?

Tacaíonn an bhithéagsúlacht le beatha ar domhan agus tá an bhithéagsúlacht mar chuid dár saol laethúil. Bímid ag brath ar an mbithéagsúlacht don aer agus d’uisce glan, d’ithir fholláin, bia, ábhair thógála agus cógais leighis.

Is ábhar imní ollmhór don sochaí é cosaint a thabhairt don bhithéagsúlacht, go háitiúil agus go domhanda chun go gcinnteofar go maire an cine daonna, mar go soláthraíonn an bhithéagsúlacht na hacmhainní go léir ar a mbraithimid.

Tá raon mór agus éagsúil gnáthóga agus fiadhúlra ag Cathair na Gaillimhe i ndáil lena méid, mar gheall ar an ngeolaíocht éagsúil atá ann, chomh forleathan agus atá an choillearnach uirbeach agus chomh gar agus atá sí suite d’Abhainn na Coiribe, de Chuan na Gaillimhe agus de Loch Coirib. Tá na gnáthóga agus an fiadhúlra faoi bhrú leanúnach ó ghníomhaíochtaí an chine Daonna agus tá sé mar aidhm le forbairt agus feidhmiú an Phlean Gnímh Áitiúil Bithéagsúlachta go soláthrófar creat chun iad a chosaint.

 

Bhí Cathair na Gaillimhe ar cheann de na chéad Údaráis Áitiúla a raibh Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta acu. Tá an t-athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2014 – 2024 do na 5 bliana amach romhainn 2025 go 2030 ag freagairt d’athruithe ar ár n-éiceachórais, ar reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta, ar bheartas agus ar Threoracha amach anseo.

Tá Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta an Údaráis Áitiúil deartha chun cur chuige struchtúrtha a sholáthar do chaomhnú na bithéagsúlachta ag leibhéal an údaráis áitiúil. Leagann sé amach na cuspóirí, na straitéisí agus na gníomhartha a theastaíonn chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú laistigh de limistéir údaráis áitiúil faoi seach.

Trí pháirt a ghlacadh sa chéim chomhairliúcháin réamhdhréachta, cabhróidh sé le saincheisteanna agus riachtanais áitiúla a aithint agus cabhróidh sé le cruthú agus forbairt na ngníomhartha a theastaíonn chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú i gCathair na Gaillimhe.

Bhí trí chuspóir ag an bplean gníomhaíochta roimhe seo, Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2014 – 2024:

  1. Cur le feasacht agus léirthuiscint ar an mbithéagsúlacht.
  2. An bhithéagsúlacht laistigh den chathair a choimeád agus a fheabhsú
  3. Cur leis an eolas agus leis an tuiscint atá againn ar bhithéagsúlacht

 

Mar eolas, tá achoimre ar an bplean reatha le fáil ag deireadh an doiciméid seo.

Tacaíonn an Chomhairle Oidhreachta leis an bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta.

Achoimre: Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2014 – 2024