Tá 30 (tríocha) clós súgartha i gCathair na Gaillimhe. Tá an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste an-mhórtasach faoin gcaoi a gcaitear le leanaí sa chathair agus tá 30 clós súgartha/páirc scátála/limistéir cluichí ilúsáide againn; tá muid ag iarraidh an caighdeán cothabhála is airde a bheith i bhfeidhm againn.
Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.
I rith na bliana, cabhraíonn grúpaí an phobail, grúpaí gnó, cumainn áitritheoirí, coláistí agus scoileanna lenár gCathair álainn a choinneáil slachtmhar trí pháirt a ghlacadh i nglanacháin an phobail.
Tá neart áiseanna i gCathair na Gaillimhe chun peil, sacar agus rugbaí a imirt agus tá na háiseanna sin faoi réir Comhaontú Ligin atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le clubanna spóirt áitiúla.