Áiteanna Súgartha Poiblí

Tá 30 (tríocha) clós súgartha i gCathair na Gaillimhe. Tá an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste an-mhórtasach faoin gcaoi a gcaitear le leanaí sa chathair agus tá 30 clós súgartha/páirc scátála/limistéir cluichí ilúsáide againn; tá muid ag iarraidh an caighdeán cothabhála is airde a bheith i bhfeidhm againn.

Cé mhéad clós súgartha atá i gCathair na Gaillimhe?

Tá 30 (tríocha) clós súgartha i gCathair na Gaillimhe. Tá an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste an-mhórtasach faoin gcaoi a gcaitear le leanaí sa chathair agus tá 30 clós súgartha/páirc scátála/limistéir cluichí ilúsáide againn; tá muid ag iarraidh an caighdeán cothabhála is airde a bheith i bhfeidhm againn. Chuige sin tá foireann cothabhála thiomnaithe againn i gcomhair na gclós súgartha chun na hoibreacha ar fad a dhéanamh ar na háiseanna súgartha.

Leis sin caitear seiceáil ghrinn a dhéanamh uair sa tseachtain ar a laghad ar an trealamh/slabhraí/sconsaí/geataí etc. ar fad lena chinntiú go bhfuil siad sábháilte agus ar an gcaighdeán atáimid ag iarraidh dóibh. Coinnítear taifid rialta agus cuirtear iad sin san áireamh i gcás oibreacha atá beartaithe le haghaidh áiseanna súgartha.

Déanann comhlacht neamhspleách cigireacht bhliantúil arna coimisiúnú ag an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste ar na háiseanna súgartha ar fad le bheith cinnte go gcomhlíonann siad na híoschaighdeáin sábháilteachta faoi The Royal Society for Prevention of Accidents (ROSPA).

Cá bhfuil na clóis súgartha i gCathair na Gaillimhe?

Breathnaigh ar ár léarscáil idirghníomhach go bhfeicfidh tú cá bhfuil na clóis súgartha i gCathair na Gaillimhe.

Na Clóis Súgartha i Lár na Cathrach

  • Clós Súgartha Pháirc Mhílaoise na bPáistí

    Seoladh: Bóthar na hOllscoile, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Páirceáil: Carrchlós poiblí in aice láimhe

    Uaireanta Oscailte: 7.00am - 7.00pm gach lá

    Trealamh: Luascaire (Raon Aoise: 2-8 mbl.) Aonad Ilúsáide (Raon Aoise: 2-10 mbl.) Bád Rothlach (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Aonad Seoltóireachta (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), 1 Luascán Cliabháin / 1 Luascán Iniatach (Raon Aoise: 1-5 bl.), Feadáin Glóir (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire 3 Shuíochán (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Rothair (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire 4 Shuíochán (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Traein (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Luascaire Rothair (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Boinn (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Super Nova (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Maide Corrach le Seasamh Air (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Suíocháin

    Tá áiseanna leithris i gClós Súgartha Pháirc Mhílaoise na bPáistí

  • Páirc Scátála Pháirc na Mílaoise

    Seoladh: Bóthar na hOllscoile, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coincréite

    Páirceáil: Carrchlós poiblí in aice láimhe

    Uaireanta Oscailte: 7.00am - 7.00pm gach lá

    Trealamh: Sleasán Spéire Mór (Raon Aoise: 12+), Rampa le bosca coise (Raon Aoise: 12+),

    Leathard Beag Lom (Raon Aoise: 12+), Ráille Coise (Raon Aoise: 12+)

    Tá áiseanna leithris i gClós Súgartha Pháirc Mhílaoise na bPáistí

  • Clós Súgartha na Páirce Theas

    Seoladh: An Cladach, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Páirceáil: Carrchlós sa Pháirc Theas

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Trealamh: Luascaire (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Iniatach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Traein (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.),

    Luascáin Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Aonad Sleamhnáin (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Bád (Raon Aoise: 2-10 mbl.),

    Suíocháin

  • Clós Súgartha Pháirc Claude Toft

    Seoladh: Céide na gCúig Céad, Bóthar na Trá, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coirte

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Páirceáil: Carrchlós poiblí in aice láimhe

    Trealamh: Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Aonad Ilúsáide (Raon Aoise: 4-12 bhl.) Luascaire Cairr (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 4-10 mbl.), Aonad Dreapadóireachta do Leanaí Níos Sine (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Luascán Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascaire (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Giro bíseach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha Shráid Anraí

    Seoladh: Sráid Anraí, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Páirceáil: Páirceáil sráide

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Trealamh: Fráma Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Maide Corrach (Raon Aoise 2-8 mbl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Lúbra 6 Phainéal (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Luascaire Dobhareich (Raon Aoise: 2-8 mbl.),

    Aonad Lapadán (Raon Aoise: 2-10), Suíocháin

  • Clós Súgartha Pháirc an Athar de Búrca

    Seoladh: Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Páirceáil: Páirceáil sráide

    Trealamh: Luascaire Dobhareich (Raon Aoise: 2-8 mbl), Bíoma Cothromaíochta (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Painéal Spraoi (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Luascaire Éisc (Raon Aoise: 2-8 mbl.),

    Il-Aonad (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha Bhaile an Phoill

    Seoladh: Bóthar Áth Cinn, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Luascáin (Raon Aoise: 1-12 bhl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Timpeallán Spraoi (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.),

    Pirimid Rópa (Raon Aoise: 6-12 bhl.)

  • Limistéar Cluichí Il-Úsáide Pháirc Bhaile an Phoill

    Seoladh: Bóthar Áth Cinn, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Tarmac

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Fáinní Cispheile

    Aoisghrúpa: Gach Aoisghrúpa

  • Clós Súgartha Pháirc na Cúlach

    Seoladh: Eastát Pháirc na Cúlach, An Bóthar Mór, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Diosca Rothlach (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Rothlóir Ingearach (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Aonad Sleamhnáin (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Luascaire (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Eilifinte (Aois: 2-8 mbl.), Luascaire 4 Shuíochán (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Fáinne Cispheile (Raon Aoise: 4+), Luascán Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.),

    Suíocháin

  • Clós Súgartha Pháirc Uí Chinnéide

    Seoladh: Páirc Uí Chinnéide, An Fhaiche Mhór, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar uaireanta oscailte

    Páirceáil: In aice le carrchlóis phoiblí agus phríobháideacha

    Trealamh: Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascaire Dobhareich (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Lúbra Painéil (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Rian Cothromaíochta (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Suíocháin

Na Clóis Súgartha in Oirthear na Cathrach

  • Clós Súgartha Pháirc Phoiblí Mervue

    Seoladh: Mervue, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl aon srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Maide Corrach ag Luascadh (Raon Aoise: 3-10 mbl.), Giro Bíseach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Il-Aonad (Raon Aoise: 4-12 bhl.),

    Ziplíne (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Luascaire Gorm (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Dearg (Raon Aoise: 2-8 mbl.),

    Luascaire Héileacaptair (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha an Ghleanna Bháin

    Seoladh: An Baile Bán, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Muisiriúin Chora (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Feadáin Glóir (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Aonad Lapadáin (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Fráma Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.),

    Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Diosca Rothlach (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha Loch an tSáile

    Seoladh: Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Carrchlós Poiblí in aice láimhe ar Bhóthar an Choláiste (an bóthar comhthreomhar le Loch an tSáile)

    Trealamh: Il-Aonad (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Barraí Tarraingthe (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Timpeallán Spraoi (Raon Aoise: 3-10 mbl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascán Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Luascaire Buí (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Dearg (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Aonad Lapadáin (Raon Aoise: 2-10 mbl.),

    Suíocháin

  • Clós Súgartha Uimh. 1, an Sean Bhaile

    Seoladh: Dabhach Uisce Theas, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Rothlóir (Raon Aoise: 2-8 mbl.)

  • Clós Súgartha Uimh. 2, An Sean Bhaile

    Seoladh: Dabhach Uisce Thuaidh, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Rothlóir (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Rothair (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire Iniatach (Raon Aoise: 2-8 mbl.)

  • Clós Súgartha Chéide Cois Locha

    Seoladh: An Rinn Mhór, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascaire Dobhareich (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Lúbra Painéil (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Rian Cothromaíochta (Raon Aoise: 1-8 mbl.), Suíocháin

     

  • Clós Súgartha Ros Cam Seoladh: Páirc Ros Cam, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coirte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailt Páirceáil: Carrchlós i bPáirc Ros Cam

    Trealamh: Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Marcach Toinne (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Binsí (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Rothlóir Ingearach (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.),Luascán Cothrom do Lapadáin 1 (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Cothrom do Lapadáin 2 (Raon Aoise: 2-8 mbl.),Il-Aonad do Leanaí Níos Sine (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Suíocháin


     
  • Clós Súgartha Pháirc Choillte Mhuirlinne

    Seoladh: Coillte Mhuirlinne (gar do Chaisleán Mhuirlinne), Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil san eastát

    Trealamh: Luascán Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Il-Aonad (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Soitheach Rothaíochta Ollmhór (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Tollán Súgartha (Raon Aoise: 2-8 mbl.),

    Sleamhnán as Féin (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Timpeallán Spraoi (Raon Aoise: 3-10 mbl.), Luascáin Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha Eachtraíochta Pháirc Mhuirlinne

    Seoladh: Dabhach Uisce, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coirte agus Scraith Féir

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Carrchlós sa Pháirc

    Trealamh: Rothlóir Rópa (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Pirimid Rópa (Raon Aoise: 6-12 bhl.), 3 Ardán Luasctha (Raon Aoise: 2-10mbl.), Trampailín (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Tochaltóir Gainimh 1 (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Tochaltóir Gainimh 2 (Raon Aoise: 2-8 mbl.) Aonad Súgartha Gainimh (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Caidéal Uisce (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascáin Bealaí (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascán Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Rothlóir Mór (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Sleamhnán Claífoirt (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Luascán Boinn (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), 4 Phost Suite (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Ziplíne Dhúbailte (Raon Aoise: 6-12 bhl.)

  • Limistéar Lapadán Pháirc Mhuirlinne

    Seoladh: Dabhach Uisce, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coirte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Carrchlós sa Pháirc

    Trealamh: Painéal Ama (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Painéal Luasctha (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Bíoma Cothromaíochta (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Soitheach Rothlaithe (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Aonad Lapadán (Raon Aoise: 2-10 mbl.),

    Luascáin Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.)

  • Páirc Scátála Pháirc Mhuirlinne

    Seoladh: Dabhach Uisce, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coincréite

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Carrchlós sa Pháirc

    Trealamh: Sleasán Spéire Mór (Raon Aoise: 12+), Sleasán (Raon Aoise: 12+), Pirimid/Sleasán/Ráille (Raon Aoise: 12+), Ráille Coise (Raon Aoise: 12+), Sleasán Spéire Mór (Raon Aoise: 12+), Pirimid/Sleasán (Raon Aoise: 12+), Ráille Coise Lúbtha (Raon Aoise: 12+)

Na Clóis Súgartha in Iarthar na Cathrach

  • Clós Súgartha Pháirc na gCeapach

    Seoladh: Bóthar na gCeapach, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coirte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Carrchlós i bPáirc na gCeapach

    Trealamh: Sleamhnán Claífoirt (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.),

    Luascaire ar Mhaide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascáin Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Ziplíne (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Il-Aonad Dreapadóireachta (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Il-Aonad Lapadán (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha Pháirc Mhic Craith

    Seoladh: Bóthar Sheanghoirt, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Luascaire Iniatach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascaire 4 Shuíochán (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Timpeallán Spraoi Peedle (Raon Aoise: 3-10 mbl.), Aonad Lapadán (Raon Aoise: 2-10 mbl.) Rothlóir Soithigh (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Rothlóir Ingearach (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Maide Corrach le Seasamh Air (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Aonad Sleamhnáin (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascán Cliabháin (Raon Aoise: 2-12 bhl.),

    Luascáin Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Suíocháin

  • Clós Súgartha Charraig an Tónacháin i Seantalamh

    Seoladh: Bóthar Mhic Dara, Seantalamh, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Luascaire 3 Shuíochán (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Rothlóir Soithigh (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Suíocháin

  • Limistéar Cluichí Il-Úsáide Charraig an Tónacháin i Seantalamh

    Seoladh: Bóthar Mhic Dara, Seantalamh, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Tarmac

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Fáinní Cispheile (Raon Aoise: 4+), Suíocháin

  • Clós Súgartha Pháirc Westside

    Seoladh: Bóthar Shéamais Uí Chuirc, An Caisleán Nua, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Pirimid Rópa (Raon Aoise: 6-12 bhl.), Dúshlán Cothromaíochta (Raon Aoise: 3-10 mbl.),

    Luascaire (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Sleamhnán as Féin (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Luascaire Dobhareich (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Rian Cothromaíochta (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascán Cliabháin (Raon Aoise: 1-5 bl.), Luascáin Chothroma (Raon Aoise: 2-12 bhl.)

  • Páirc Scátála Pháirc Westside

    Seoladh: Bóthar Shéamais Uí Chuirc, An Caisleán Nua, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Coincréite

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil feadh an bhóthair phoiblí

    Trealamh: Leathphíopa & Ceathrú Píopa (Raon Aoise: 12+), Bosca Súgartha (Raon Aoise: 12+), Ceathrú Píopa (Raon Aoise: 12+), Ceathrú Píopa (Raon Aoise: 12+), Ráille Coise (Raon Aoise: 12+)

  • Clós Súgartha na Blátha Craige

    Seoladh: Bóthar an Chlaí Bháin, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Aonad Sleamhnáin (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Luascaire 1 (Raon Aoise: 2-8 mbl.),

    Luascaire 2 (Raon Aoise: 2-8 mbl.)

  • Clós Súgartha Shlí na mBúrcach

    Seoladh: Bóthar Bhaile an Mhóinín, Gaillimh

    Dromchla: Dromchla Rubair Sábháilte

    Uaireanta Oscailte: Níl Aon Srian ar Uaireanta Oscailte

    Páirceáil: Páirceáil istigh san eastát

    Trealamh: Painéal Clingíní (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Super Nova (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Luascaire Rothair (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Lúbra Spraoi (Raon Aoise: 2-10 mbl.), Maide Corrach (Raon Aoise: 2-8 mbl.), Luascáin Ciseáin (Raon Aoise: 2-12 bhl.), Maide Corrach le Seasamh Air (Raon Aoise: 4-12 bhl.), Suíocháin

Cé na clóis súgartha ina bhfuil trealamh le haghaidh daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu?

Céard iad na huaireanta oscailte?

Níl aon srian ar uaireanta oscailte sna clóis súgartha seachas Páirc na Mílaoise a bhíonn ar oscailt ón 7am go dtí 7pm gach lá.

An bhfuil leithris sna clóis súgartha?

Tá leithris i bPáirc Leanaí na Mílaoise agus in Ionad Pobail Chnoc na Cathrach gar do chlós súgartha Pháirc na gCeapach.

An bhfuil suíocháin sna clóis súgartha?

Tá suíocháin i bhformhór na gclós súgartha. Chun sonraí a fháil faoi na háiseanna atá ar fáil i ngach clós súgartha, breathnaigh ar na liostaí aonair thuas.

An bhfuil áiseanna clárscátála in aon cheann de na clóis súgartha?

Tá trí Pháirc Clárscátála ann:

Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairisc faoi threalamh briste i gclóis súgartha?

 

Chun tuairisc a thabhairt faoi threalamh briste i gclóis súgartha féadfaidh tú:

Ríomhphost a chur chuig customerservices@galwaycity.ie

Scríobh chuig an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

Cuir glaoch ar 091 536801 nó 091 536400 agus iarr le haghaidh na Rannóige Caitheamh Aimsire agus Conláiste.

Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairisc faoi bhruscar, faoi ghloine bhriste, etc., i gclóis súgartha?

Chun tuairisc a thabhairt faoi Bhruscar, faoi ghloine bhriste, etc., i gclóis súgartha féadfaidh tú:

Ríomhphost a chur chuigcustomerservices@galwaycity.ie

Scríobh chuig an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

Cuir glaoch ar 091 536801 nó 091 536400 agus iarr le haghaidh na Rannóige Caitheamh Aimsire agus Conláiste.

Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairisc faoi iompraíocht fhrithshóisialta i gclóis súgartha?

Ba cheart gach eachtra d’iompraíocht fhrithshóisialta i gclóis súgartha a insint don Gharda Síochána ag:

  • 091 538000 - Stáisiún Gardaí Chathair na Gaillimhe
  • 091 521333 - Stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá
  • 091 538030 - Stáisiún Gardaí Órán Mór