Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar do dhaoine scothaosta a bhfuil a dteach féin acu le haghaidh oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin chun a dteach faoi úinéireacht phríobháideach a dhéanamh níos oiriúnaí dá gcuid riachtanas.
Is beartas de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é dúnadh sealadach bóthair a éascú agus a dheonú nuair is féidir chun bainistíocht éifeachtach tráchta a chinntiú.
Modh iompair is ea iompróir paisinéirí gan inneall nach bhfuil inneall breosla ná leictreach ann cosúil le ricseá nó cóiste capaill, ar a dtugtar carr fostaithe chomh maith.
Faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil agus Úsáid Feithiclí) 2003, caithfidh tú cead a fháil chun earraí a bhogadh ar an mbóthar má sháraíonn do lastas na teorainneacha a luaitear sna rialacháin sin