Lastas Bóthair – Ualaí Neamhghnácha

Faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil agus Úsáid Feithiclí) 2003, caithfidh tú cead a fháil chun earraí a bhogadh ar an mbóthar má sháraíonn do lastas na teorainneacha a luaitear sna rialacháin sin

An dteastaíonn cead uaim chun lastas a bhogadh ar an mbóthar?

Faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil agus Úsáid Feithiclí) 2003, caithfidh tú cead a fháil chun earraí a bhogadh ar an mbóthar má sháraíonn do lastas na teorainneacha a luaitear sna rialacháin sin, atá ar fáil ag an nasc seo a leanas: http://www.irishstatutebook.ie/2003/en/si/0005.html

Barr...

Céard í an táille a bhaineann le hUalaí Neamhghnácha a iompar?

Baineann na táillí seo a leanas le hualaí neamhghnácha a iompar ar bhóithre poiblí a chothabhálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Turas aonair/cead lae €60

Cead trí mhí €150

Cead bliantúil €500

Barr...

Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar chead chun Ualaí Neamhghnácha a iompar?

Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar chead chun Ualaí Neamhghnácha a iompar, caithfidh tú an fhoirm iarratais ábhartha a chomhlánú chun Cead chun Ualaí Neamhghnácha a Iompar a fháil agus í a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos.

Permit To Carry Abnormal Loads [English]

Cead chun Ualach Neamhghnách a Iompar [Gaeilge]

An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.

Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

Teileafón: 091-536400

Barr...

Cén uair ba cheart dom iarratas a dhéanamh?

Caithfear iarratas ar chead chun ualach neamhghnách a iompar a chur isteach cúig lá oibre roimh ré.

Barr...

Céard iad na coinníollacha a bhaineann le cead nuair a fhaomhtar é?

Níl an cead a eisítear bailí ach don fheithicil, do na dátaí agus don bhealach a leagtar amach san iarratas.

Geallann iarrthóir an cheada chomh maith cúiteamh a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as aon damáiste a dhéantar do bhóithre poiblí nuair a úsáidtear an fheithicil faoin gcead.

Tá an dualgas ar an iarratasóir na Gardaí a chur ar an eolas faoin ualach neamhghnách atá le hiompar.

Caithfidh an t-iarratasóir na húdaráis áitiúla a chur ar an eolas chomh maith faoi aon cheantar eile trína bhfuil sé i gceist taisteal.

Cuirfidh an t-iarratasóir é féin ar an eolas faoin mbealach beartaithe agus beidh sé sásta gur féidir an t-ualach a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith a iompar gach damáiste a dhéanamh don mhaoin phoiblí nó phríobháideach ina thimpeall.

Féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe srianta ama agus srianta bealaigh a chur i bhfeidhm ag brath ar an ualach a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith.

Barr...