Os Cionn an tSiopa
Tá tús áite á thabhairt do dhul i ngleic le folúntas agus le dearóiliú faoin bplean náisiúnta tithíochta Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030, trí dheontais agus scéimeanna seanbhunaithe atá ag tacú le daoine chun réadmhaoin fholamh agus dhearóil a úsáid arís i ndiaidh a leithéid a fheabhsú agus a fhorbairt. Cinnteoidh úsáid a bhaint as an réadmhaoin sin go mbeidh tithe breise á gcur ar fáil trí réadmhaoin atá ann cheana féin a athchóiriú agus a athoiriúnú agus úsáid nua a bhaint as spás ‘os cionn an tsiopa’ agus as spás tráchtála folamh.
Baineann an Deontas le spás folamh ‘os cionn an tsiopa’ i gcathracha, bailte agus sráidbhailte, sa chás gur tógadh an foirgneamh roimh 2008 agus go bhfuil an spás/an t-aonad/na haonaid chónaithe atá ann folamh le dhá bhliain nó níos mó sula ndearnadh an t-iarratas. Ní mór go mbeadh an spás tráchtála ar urlár na talún folamh nó in úsáid tráth déanta an iarratais, ach ní mór go mbeadh úsáid thráchtála á baint as an bhfoirgneamh fós.
Tá deontas de suas le €95,000 ar fáil d’athchóiriú/d’athoiriúnú an chéad aonaid os cionn aonad an tsiopa, agus tá suas le €20,000 iníoctha don dara aonad a chruthaítear agus €20,000 breise sa chás go gcruthaítear trí aonad cónaithe nó níos mó, suas go dtí uasmhéid de €135,000.
Ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- Foirm iarratais atá sínithe agus líonta go hiomlán;
- Cruthúnas go bhfuil an ghné os cionn an tsiopa den fhoirgneamh folamh le dhá bhliain nó níos mó;
- Cruthúnas gur tógadh an foirgneamh roimh 2008;
- Cruthúnas ar úinéireacht nó fianaise maidir le hidirbheartaíocht ghníomhach chun an foirgneamh a cheannach má tá cead i bprionsabal á lorg;
- Fianaise go bhfuil rátaí tráchtála íoctha nó in ord cuí lena n-áirítear fianaise maidir le faoiseamh/creidmheas/coigeartú rátaí dlite de bhrí go raibh an foirgneamh folamh más infheidhme;
- Fianaise go bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil in ord cuí más infheidhme;
- Meastachán maidir leis na hoibreacha atá beartaithe;
- Réamhdhearadh/réamhlíníocht ina dtugtar léargas ar an aonad/ar na haonaid c(h)ónaithe atá le cruthú san fhoirgneamh;
- Fianaise maidir le cead pleanála nó deimhniú díolúine faoi na hAchtanna Pleanála. Sa chás go bhfuil ceist ann maidir le cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cead pleanála ó na hoibreacha atá beartaithe nó más forbairt díolmhaithe atá i gceist, ceanglófar ar iarratasóir fianaise a chur ar fáil don údarás áitiúil maidir le cead pleanála nó deimhniú díolúine sula gceadaítear an deontas i ndeireadh na dála;
- Sula n-íoctar deontas, fianaise a sholáthar, cosúil le sonra(i)sc ar a bhfuil na mionsonraí cuí, le haghaidh na n-oibreacha a cuireadh i gcrích;
- Comhaontú leis na coinníollacha aisghlámtha;
- Dearbhú go mbeidh an ghné thráchtála fós san fhoirgneamh;
- Aon doiciméad ábhartha eile chun tacú le d’iarratas a lorgaíonn an t-údarás áitiúil.