Eolas Ginearálta maidir le Forbairt Dhíolmhaithe
Is ionann forbairt dhíolmhaithe agus forbairt de chineál ar bith nach dteastaíonn cead pleanála foirmeálta ina leith. Leagtar amach aicmí éagsúla maidir le forbairt dhíolmhaithe i ndlí na pleanála agus is iondúil gur forbairt ar scála beag a thugtar san áireamh, mar shampla síneadh beag le foirgneamh, feabhsú beag ar chóras fuinnimh in áras cónaithe nó seid sa ghairdín. Is iondúil teorainneacha áirithe i bhfeidhm, maidir le hachar nó airde mar shampla. Sa chás go dtéitear thar aon teorainn acu sin leis an bhforbairt, ní féidir a mheas gur forbairt dhíolmhaithe atá i gceist níos mó. Bíonn díolmhú i gceist freisin maidir le hathchóiriú ar árais tráchtála áirithe atá folamh. I gcásanna áirithe, beidh gá fógra a thabhairt go foirmeálta don údarás áitiúil ar a laghad 14 lá sula mbeadh tús le cur leis an bhforbairt.
Is féidir Reachtaíocht na Pleanála maidir le Forbairt Dhíolmhaithe a fheiceáil anseo:
Is féidir na cásanna díolmhaithe maidir le haonad tráchtála atá folamh a athchóiriú mar aonaid cónaithe a fheiceáil anseo
Más mian leat dearbhú foirmeálta a fháil ón Údarás Pleanála go bhfuil oibreacha a dhéantar díolmhaithe ó chead pleanála, is féidir leat deimhniú oifigiúil ina leith sin a iarraidh. Dearbhú faoi Alt 5 a thugtar ar a leithéid sin. Tá mioneolas breise ar fáil anseo.