Ráiteas Príobháideachais Pleanála

Fógra maidir le Príobháideachas – Comhairliúchán ar an Dréachtscéim Ranníocaíochta Forbartha

Fógra maidir le Príobháideachas – Comhairliúchán ar an Dréachtscéim Ranníocaíochta Forbartha

Cuspóir agus bunús dlí

Tá Dréachtscéim Forbartha ullmhaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe don tréimhse 2020-2026 de réir Alt 48 (4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) do cheantar riaracháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Folaítear sa Scéim do ranníocaíochtaí forbartha a ghearradh de réir na reachtaíochta pleanála le cur le maoiniú bonneagair agus saoráidí poiblí chun tairbhe forbairt na Cathrach.

 

Mar chuid den phróiseas arna leagan amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), fáiltíonn an t-údarás áitiúil roimh aighneachtaí nó breithnithe i ndáil leis an dréachtscéim forbartha.

 

Is é an bunús dlí chun do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil go bhfuil an próiseáil

·       Riachtanach le cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla

·       Riachtanach le go ndéanfaimid ár dtascanna ar mhaithe leis an bpobal agus/nó chun an t-údarás oifigiúil a dhílsítear dúinn a chleachtadh.

Céard atá ag teastáil uainn

Chun aighneacht a dhéanamh teastaíonn d’ainm agus do sheoladh uainn.

I rith an phróisis aighneachta, féadfaidh tú seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin a sholáthar freisin.

Cén fáth go dteastaíonn sé uainn

Teastaíonn an fhaisnéis seo uainn:

1.       Chun ár n-oibleagáidí chun do fhreagraí lenár gcomhairliúcháin phoiblí a dhéanamh;

2.       Chun deimhniú a thabhairt duit go bhfuil do fhreagra le comhairliúchán faighte againn

 

Cad a dhéanaimid leis

Beidh na breithnithe/na haighneachtaí mar bhunús leis an Scéim Ranníocaíochta Forbartha a dhéanamh. Beidh siad mar chuid den chomhad a bhaineann leis an Scéim Ranníocaíochta Forbartha.

Beidh do chuid sonraí pearsanta agus na breithnithe/na haighneachtaí mar chuid den tuarascáil a nascfar leis an Scéim Ranníocaíochta Forbartha a dhéanamh.

Áireofar i dTuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir le haighneachtaí agus breithnithe a fuarthas ainmneacha na ndaoine a rinne aighneachtaí/breithnithe. Déanfar tagairt don tuarascáil i miontuairiscí de chruinniú na Comhairle.

Cé chomh fada is a choinneoimid é Coinneofar na taifid seo go buan sa chartlann.
Na sonraí a roinnt Is taifead poiblí iad na haighneachtaí/breithnithe agus tá siad ar fáil don phobal lena n-iniúchadh ag áitreabh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ar ár suíomh gréasáin.
Cé muid féin

Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8

https://files.galwaycity.ie/

Do Chearta cearta agat maidir le do chuid sonraí pearsanta agus an chaoi a n-úsáidimid iad. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí (OCS) maidir leis na cearta seo.
Déan teagmháil leis an OCS má bhíonn aon cheist agat maidir le cosaint sonraí dpo@galwaycity.ie nó 091-563400
Déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28. Teileafón 0761 104 800 nó 0578 684 800 nó tríd an bhfoirm ar líne https://www.dataprotection.ie/en/contact/how-contact-us.