Bíonn do chuid rátaí le híoc ina n-iomláine ar an 1 Eanáir gach bliain agus áirítear leo aon riaráistí a tugadh ar aghaidh ó bhlianta roimhe sin. Is féidir leat do chuid Rátaí Tráchtála a íoc ar na bealaí seo a leanas:
AR LÍNE – MyCoCo.ie
Is féidir leat do Rátaí Tráchtála a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar líne ag www.mycoco.ie. Tá an áis seo ar fáil ar an ríomhaire deisce agus ar ghairis mhóibíleacha araon.
Le cuntas a chruthú ar MyCoCo.ie, caithfidh d’Uimhir Cuntais Tráchtála Custaiméara a bheith ar eolas agat chomh maith le do UAP. Is féidir leat do UAP a fháil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach ríomhphost a sheoladh chuig: accountsreceivable@galwaycity.ie. Cuirfear do UAP chugat sa bpost.
Nuair a bheidh tú cláraithe ar MyCoCo.ie, beidh tú in ann do chuid idirbhearta a fheiceáil, agus breathnú ar na hiarmhéideanna agus ar na ráitis. Tabhair faoi deara go bhféadfadh go dtógfadh sé suas le 24 uair an chloig nó go mbeidh do chuntas le feiceáil agus go ligfear duit íocaíochtaí a dhéanamh.
DOCHAR DÍREACH
Is éard is Dochar Díreach ann ná treoir uaitse chuig do bhanc ag tabhairt cead do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe íocaíochtaí a bhailiú ó do chuntas nuair a bhíonn siad le híoc. Baintear an íocaíocht as an gcuntas bainc atá ainmnithe agat ar an 16ú lá de gach mí.
Más mian leat do chuid Rátaí Tráchtála a íoc trí Dhochar Díreach, íoslódáil an fhoirm DOCHAR DÍREACH ag an nasc thíos agus seol an fhoirm, agus í líonta isteach, ar ríomhphost chuig rates@galwaycity.ie
RÍOMHAISTRIÚ AIRGID (EFT)
Féadfaidh tú íocaíochtaí a dhéanamh go díreach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí Ríomhaistriú Airgid agus trí úsáid a bhaint as na sonraí bainc thíos.
NB Má bhíonn íocaíochtaí á ndéanamh agat trí EFT, cinntigh le do thoil go mbíonn uimhir do Chuntais Rátaí Tráchtála luaite ar GACH ceann de na híocaíochtaí bainc a dhéanann tú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun go mbeidh d’íocaíocht faighte i gceart i do chuntas Rátaí Tráchtála.
Banc: | Banc na hÉireann, An Fhaiche Mhór, Gaillimh |
Ainm an Chuntais | Comhairle Cathrach na Gaillimhe |
Uimhir an Chuntais | 12911047 |
Cód Sórtála: | 90-38-16 |
IBAN: | IE22 BOFI 9038 1612 9110 47 |
BIC: | BOFIIE2D |
GUTHÁN – Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Féadfaidh tú íocaíochtaí Rátaí Tráchtála a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le cárta Dochair ar an bhfón.
Uimhir Ghutháin: 091 536400
Bíonn na línte gutháin oscailte: Luan - Aoine 9.00 rn go dtí 4.00 in
Ba cheart go mbeadh uimhir an Chuntais Rátaí Tráchtála in aice láimhe agat nuair a bhíonn íocaíocht á déanamh agat.
GO PEARSANTA - Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Féadfaidh tú íocaíochtaí Rátaí Tráchtála a dhéanamh go pearsanta in Oifig Airgid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le hairgead tirim nó le cárta Dochair. Tá an Oifig Airgid lonnaithe ar Urlár na Talún i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Uaireanta Oscailte: Luan - Aoine 9.00 rn go dtí 4.00 in
Ba cheart go mbeadh uimhir an Chuntais Rátaí Tráchtála in aice láimhe agus íocaíocht á déanamh agat.
RÁTAÍ A URSCAOILEADH TRÍ FHRITHÁIREAMH
Sa gcás go bhfuil custaiméir Rátaí Tráchtála ag soláthar earraí nó seirbhísí do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freisin, forchoimeádann an tÚdarás Áitiúil an ceart fritháireamh a chur i bhfeidhm ar chuntas na Rátaí Tráchtála de réir Alt 7 den Acht Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019. Ciallaíonn sé sin go bunúsach gur féidir an íocaíocht atá le déanamh leis an gcustaiméir Rátaí a chur in aghaidh na rátaí atá dlite.
Céard a tharlóidh mura n-íocfaidh mé mo chuid Rátaí Tráchtála?
Tá dualgas faoin dlí ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Rátaí Tráchtála a ghearradh ar mhaoin tráchtála/tionscail agus iad a bhailiú. Nuair nach n-íoctar rátaí bíonn tionchar nach beag aige ar ár gcumas seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil. Cuirfear an dlí i bhfeidhm más gá.
Má tá deacracht agat do chuid Rátaí Tráchtála a íoc, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le do Bhailitheoir Rátaí chun plean íocaíochta a phlé agus a chomhaontú. Tá sonraí teagmhála freisin ag bun do bhille rátaí.