Eolas do Vótóirí

Sonraí a chlárú/a nuashonrú

Is féidir iarratais chun ainm nó seoladh a chlárú nó a athrú a chur isteach ar líne ar www.checktheregister.ie nó trí fhoirm iarratais a íoslódáil agus a sheoladh ar ais tríd an bpost. Beidh do UPSP agus Dáta Breithe ag teastáil le haghaidh aon iarratais ar ghníomh trí Sheiceáil an Clár 

Ní mór iarratais chun do shonraí náisiúntachta a nuashonrú a chur isteach tríd an bpost.

  •  
    • Trí theagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar (091) 536400 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig register@galwaycity.ie 
  • Socruithe poist/speisialta vótála
  •  
  • Cén áit ar féidir liom vótáil?
  • Barr...
  • Cá bhfuil na stáisiúin vótála i gCathair na Gaillimhe?
  • Cad is gá dom a thabhairt liom chun vótáil ar Lá na Vótála?
  • Céard is Toghlimistéar Áitiúil ann?
  • Cé atá in ann rith lena thoghadh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
  • Cé a reáchtálann na Toghcháin Áitiúla i gCathair na Gaillimhe?

Liostaí na bPostvótálaithe

Mura bhfuil tú in ann dul go pearsanta chuig Stáisiún Vótála chun vótáil ar lá Toghcháin nó Reifrinn, d'fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Vóta Poist.  Is iad seo a leanas na cineálacha toghthóirí ar féidir leo clárú le haghaidh Vóta Poist:

Baill d'Óglaigh na hÉireann – foirm ar fáil ach í a iarraidh Taidhleoirí na hÉireann atá ag obair thar lear (agus a bpáirtí/céile le saoránacht Éireannach) - foirm ar fáil ar iarratasBaill den Gharda Síochána - foirm ar fáil ach iad a iarraidhPersons detained in Prison – form available on requestPersons unable to go to a polling station due to illness or disability PVS Illness or Disability From Daoine atá ag obair ar lá toghcháin/reifrinn agus nach féidir leo freastal ar a stáisiún vótála áitiúil, e.g. mic léinn lánaimseartha atá ag staidéar as baile, foireann vótála, nó daoine atá ag obair as baile, srl PV4 Mac Léinn nó Oibre Foirm Duine a bhféadfadh a sábháilteacht a bheith i mbaol má fhoilsítear a gcuid sonraí (baineann sé seo freisin le daoine atá ina gcónaí le daoine den sórt sin). Is féidir le daoine den sórt sin iarratas a dhéanamh le bheith ina dtoghthóirí anaithnide PV7 Foirm Toghthóirí Gan Ainm D'fhéadfadh sé go mbeadh gá le fianaise dhoiciméadach a chur isteach mar thaca le hincháilitheacht (féach an fhoirm iarratais le haghaidh sonraí).  Is féidir le toghthóir atá cláraithe mar phostvótálaí vótáil tríd an bpost amháin agus ní fhéadfaidh sé nó sí vótáil i stáisiún vótaíochta.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbaineann incháilitheacht le haghaidh vóta poist le daoine atá lasmuigh den Tír ar saoire tráth Toghcháin nó Reifrinn.

Má tá tú cláraithe chun vótáil, gheobhaidh tú cárta vótála roimh Thoghchán nó Reifreann. Taispeánfaidh an cárta vótála cén stáisiún vótála a vótálfaidh tú ann, agus cén bosca vótála a chuireann tú isteach ann.

Ní mór duit vótáil go pearsanta, ag an stáisiún vótála atá leithroinnte ort - mura bhfuil tú cláraithe mar Vótálaí Speisialta nó Poist (e.g. Garda Síochána, Taidhleoirí Eachtracha, daoine a bhfuil tinneas coirp nó míchumas orthu, duine a bhfuil slí bheatha, seirbhís nó fostaíocht acu a chuireann cosc orthu freastal ar a stáisiún vótála; príosúnaigh; cónaitheoirí ospidéal, tithe nó institiúidí dá samhail.                                                                                                                                                                                                                                      Is féidir leat do stáisiún vótála ainmnithe a sheiceáil trí do chuid sonraí a chuardach ar Seiceáil an Clár

Is féidir leat na stáisiúin vótála do Chathair na Gaillimhe a fheiceáil ar an léarscáil seo a leanas

Stáisiúin Vótála Chathair na Gaillimhe

Barr...

Tabhair leat do chárta vótála agus aitheantas bailí leat chuig do stáisiún vótála.

Mura bhfuil do chárta faisnéise vótála agat, is féidir leat vótáil fós. Ba chóir duit foirm bhailí aitheantais phearsanta a thabhairt leat chuig an stáisiún vótála. Ní féidir leat vótáil ach amháin i do stáisiún vótála ainmnithe.

Barr...

Is toghcheantar é toghcheantar áitiúil (LEA) le haghaidh toghcháin d'údaráis áitiúla in Éirinn. Tá trí Thoghcheantar Áitiúla nó LEAanna i gCathair na Gaillimhe. Is iad an tOirthear, an Lár agus an tIarthar iad. Tá 6 Chomhalta tofa ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i ngach ceantar. Beidh iarrthóirí atá ag lorg toghcháin i mbun feachtais ina dToghcheantar Áitiúil le haghaidh vótaí. Ní féidir leat vótáil ach d'iarrthóir atá ag lorg toghcháin i do Thoghcheantar Áitiúil.

Breathnaigh ar theorainneacha na dToghcheantar Áitiúil do Chathair na Gaillimhe

Barr...

Gach duine atá ina shaoránach d'Éirinn nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici agus nach bhfuil faoi réir dícháilithe, tá sé nó sí incháilithe lena thoghadh nó lena chomhthoghadh chuig údarás áitiúil agus le bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil. Is féidir teacht ar chúiseanna dícháilithe agus tuilleadh eolais faoi thoghcháin d'Údaráis Áitiúla sa Treoir seo.

Treoirlínte d'Iarrthóirí

Barr...

Sannann Príomhfheidhmeannach údaráis áitiúil ról an Cheann Comhairimh d'fhostaí de chuid an údaráis áitiúil.

Barr...