Eolas d'Ainmnithe

Conas is féidir liom mé féin a ainmniú le toghadh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe??

Is féidir achoimre ar an bpróiseas ainmniúcháin a fháil thíos mar aon leis na doiciméid ábhartha. Tugtar an achoimre seo mar réamhrá amháin. Ba cheart d'iarrthóirí eolas iomlán a chur ar na riachtanais ainmniúcháinsna Rialacháinagusar an bPáipéar Ainmniúcháin.

I dtoghchán, féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir nó, le toiliú uaidh nó uaithi, féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir i limistéar an údaráis áitiúil dá mbeartaíonn an duine an t-iarrthóir a ainmniú) é nó í a ainmniú mar mholtóir. 

Ainmneofar gach iarrthóir le páipéar ainmniúcháin ar leithligh san fhoirm a ordóidh an tAire. Luafar i ngach páipéar ainmniúcháin ainmneacha (agus an sloinne á lua ar dtús) agus seoladh agus slí bheatha (más ann) an iarrthóra.

Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta a bhfuil sé nó sí ina iarrthóir air nó uirthi a chur sa pháipéar ainmniúcháin agus deimhniú cleamhnachta polaitíochta a sholáthar chun é sin a fhíordheimhniú.

Beidh iarrthóirí neamhspleácha i dteideal 'Neamhpháirtí' a chur isteach.

Ní mór d'iarrthóirí neamhspleácha aontú 15 dhuine (gan an t-iarrthóir agus aon mholtóir a áireamh) ar toghthóirí iad sa toghlimistéar áitiúil a bheith acu, agus Foirm dearbhaithe Reachtúil a chomhlánú nó éarlais €100 a thaisceadh.

Top...

Cén chaoi ar féidir liom coinne ainmniúcháin a chur in áirithe?

Osclófar na hainmniúcháin ag 10:00am Dé Sathairn an 11 Bealtaine 2024 agus dúnfar iad ag 12 meán lae Dé Sathairn an 18 Bealtaine, 2024.

Glacfar le hainmniúcháin roimh ré trí choinne a dhéanamh leis an gCeann Comhairimh, an tUasal Gary McMahon laistigh de na dátaí atá sonraithe thuas.

Beidh coinní ar siúl i Halla na Cathrach.

Chun do choinne a dhéanamh nó má tá aon cheist agat, déan teagmháil le

Ainm: An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha

Ríomhphost: returningofficer@galwaycity.ie

 

Is féidir le hainmnithe páipéar ainmniúcháin a fháil ar líne thíos nó ó Sheirbhísí do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, le linn gnáthuaireanta oibre - Luan go hAoine, 9.00am go 4.00pm. Fón: 091 536400 nó ríomhphost: returningofficer@galwaycity.ie

Ba chóir d'ainmnithe eolas a chur ar riachtanais an phróisis sula gceapfar iad, lena n-áirítear cad ba cheart a thabhairt chuig an gceapachán. Tabhair faoi deara na ceanglais maidir le grianghraif

Páipéar Ainmniúcháin

Rialacháin

Tar éis an spriocdháta chun ainmniúcháin a tharraingt siar, má tá níos mó iarrthóirí ná suíocháin ann i.e. 6 in aghaidh an Toghcheantair Áitiúil, déanfar vótáil ar an 7 Meitheamh, 2024.

Top...

An féidir le hiarrthóirí a n-ainmniúcháin a tharraingt siar?

Is féidir le hiarrthóirí a n-ainmniúchán a tharraingt siar suas go dtí 12.00 ar an Luan 20ú Bealtaine, 2024. 

Top...

Cén uair a rachaidh an Chomhairle nua i mbun oifige?

Rachaidh an Chomhairle Cathrach nua i mbun oifige agus tionólfaidh sí an Cruinniú Bliantúil ag 4.00pm Dé hAoine an 21 Meitheamh 2024 i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Top...

Cá bhfuil na stáisiúin vótála i gCathair na Gaillimhe?

Is féidir leat na stáisiúin vótála do Chathair na Gaillimhe a fheiceáil ar an léarscáil seo a leanas
Stáisiúin Vótála Chathair na Gaillimhe

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi na Toghcháin Áitiúla??

Reáchtálfar na Toghcháin Áitiúla de réir na Rialachán um Thoghchán Áitiúil, 1995.

 

Top...

Cad iad na rialacha agus na rialacháin maidir le Caiteachas agus Tabhartais??

Tugtar an achoimre seo mar réamhrá amháin. Ba cheart d'iarrthóirí eolas iomlán a chur ar na riachtanais maidir le Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh, Teorainneacha Caiteachais agus Cuntais Síntiús Polaitíochta sna Toghcháin Áitiúla an 7 Meitheamh 2024.

Teorainneacha caiteachais agus síntiús do thoghcháin 2024

Ó na toghcháin áitiúla dheireanacha in 2019, rinneadh athbhreithniú ar na teorainneacha caiteachais atá i bhfeidhm sna toghcháin áitiúla de réir athruithe ar an innéacs praghsanna do thomhaltóirí. Níl aon athrú reachtaíochta eile déanta ar na rialacha maidir le caiteachas toghcháin agus síntiúis a bhfuil feidhm acu sna toghcháin áitiúla. Tá na teorainneacha síntiús reatha leagtha amach san

Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999 (arna leasú)

Ciorclán F.7A-24 (Teorainneacha Caiteachais - Treoir)

An tréimhse chaiteachais agus na ráitis a chur isteach tar éis an toghcháin

Sonraítear in Alt 12B den Acht go socrófar an tréimhse chaiteachais le hordú arna dhéanamh ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus go gcaithfidh sí tosú idir 50 agus 60 lá roimh lá na vótaíochta, agus go gcríochnóidh sí ar lá na vótaíochta. Ní mór d'iarrthóirí caiteachas toghcháin a thabhaítear le linn na tréimhse sin a nochtadh agus tá sé faoi réir na dteorainneacha a shonraítear i mír 5, thuas. Rinneadh foráil san Ordú fán Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999 (Tréimhse chun Caiteachais Toghcháin a Ríomh), 2024 (I.R. Uimh. 135 de 2024) do thosach feidhme na tréimhse caiteachais an 8 Aibreán 2024; tiocfaidh deireadh leis ar lá na vótála ar an 7 Meitheamh 2024.

Ceanglaítear le halt 13 den Acht go gcaithfidh iarrthóir ráiteas i scríbhinn maidir leis na caiteachais toghcháin go léir (cibé acu a íoctar nó nár íocadh iad) a thabhaítear i ndáil le toghchán áitiúil a thabhairt go pearsanta dá n-údarás áitiúil laistigh de 90 lá tar éis lá na vótaíochta sa toghchán sin. Agus an toghchán á reáchtáil an 7 Meitheamh 2024, ní mór an ráiteas i scríbhinn a chur isteach an 5 Meán Fómhair 2024 nó roimhe sin.

Guidelines for CAndidates on the Disclosure of Donations and Expenditure Guidelines for National Agents and Designated Persons

Top...

Le híoslódáil

Rialachán Páipéar Ainmniúcháin

Top...