An Scéim
Nuashonrú - Feabhra 2026
Beidh Bóthar San Séamas idir Bóthar an Bhaile Bháin agus Acomhal Ard Radharc na Bá dúnta ó ó 7:00a.m. Dé Céadaoin an 18 Feabhra go dtí 5:00pm Dé hAoine an 20 Feabhra.
Beidh an dúnadh seo i bhfeidhm 24 uair an chloig in aghaidh an lae le linn na n-amanna seo chun tabhairt faoi oibreacha ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin. Tá comharthaí thuas cheana faoin atreorú a bheidh i gceist sula gcuirtear tús leis an obair, agus beidh comharthaí atreoraithe i bhfeidhm le linn na n-oibreacha.
Beidh bealach atreoraithe le comharthaí air i bhfeidhm, trí Bhóthar Uaitéir Uí Mhaicín agus Bóthar Mhichíl Uí Choileáin.
Déanfar seirbhís 405 Bhus Éireann a atreorú trí Bhóthar Uaitéir Uí Mhaicín le linn thréimhse an dúnta seo agus athlonnófar stadanna bus. Déanfar suíomhanna na stadanna sin a chur in iúl le comharthaíocht shealadach.
Beidh teacht ag cónaitheoirí agus ag ghnólachtaí ar Bhóthar San Séamas trí Bhóthar Mhichíl Uí Choileáin. Beidh teacht go háitiúil ag siúlóirí, ag daoine a bhfuil deiseanna acu a bhfuil rothaí orthu agus ag rothaithe an t-am ar fad ar Bhóthar San Séamas.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le húsáideoirí bóthair as a gcomhoibriú fad is atá na hoibreacha ar siúl.
Is é aidhm an togra seo rotharbhealach sábháilte agus tarraingteach a sholáthar feadh Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bóthar Pháirc an Chaisleáin, agus áiseanna do choisithe á gcur ar fáil freisin.
I ndeireadh na dála, nuair a sheachadtar na bealaí, feabhsóidh siad sábháilteacht, laghdóidh siad luasanna feithiclí, agus cuirfidh siad le líon méadaithe turas ag coisithe agus rothaithe sa cheantar.
Tá na hoibreacha ar an scéim seo ar siúl. Déanfar an leathanach gréasáin seo a nuashonrú chun nuashonruithe ar an scéim seo a léiriú de réir mar a dhéatar dul chun cinn maidir léi.
Beidh na nithe seo a leanas san fhorbairt:
- Raon rothar cosanta 2m agus cosán 2m a sholáthar ar an dá thaobh de Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, ag laghdú in áiteanna ina bhfuil srianta.
- Laghdú ar leithead carrbhealaí bóithre (lánaí 3m ar leithead de ghnáth).
- Athailíniú acomhail agus tabhairt isteach trasrianta ardaithe ar gach taobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí coisithe.
- Lána rothar díreach tríd/trasrianta ar gach acomhal taobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí rothaithe.
- Trasrianta le comharthaí a sholáthar do choisithe agus rothaithe.
- Uasghrádú ar acomhal R865 Bhóthar an Bhaile Bháin / L5029 Bhóthar Pháirc an Chaisleáin agus L5029 Bóthar Pháirc an Chaisleáin / Bóthar Mhuine Mheá go hacomhail le comharthaí le soláthar do choisithe agus rothaithe.
- Pointí trasnaithe coisithe agus comhroinnte a thabhairt isteach ag roinnt áiteanna.
- Tírdhreachú a sholáthar feadh na mbealaí.
Lúnasa 2025
Scéim Ghréasán Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin - Ghrafaicí
Tá an suíomh suite mar seo a leanas:
- Bóthar an Bhaile Bháin R865, óna acomhal le R339 Bóthar Mhuine Mheá go pointe timpeall 130m lastuaidh de Thimpeallán na Scairéadach (R338 Bóthar Bhaile Átha Cliath).
- L5029 Bóthar Pháirc an Chaisleáin, óna acomhal le R865 Bóthar an Bhaile Bháin go dtí a acomhal le R339 Bóthar Mhuine Mheá