An Scéim
12ú Aibreán 2024
Tá an suirbhé faoin Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnróid an Chlocháin críochnaithe anois.
7ú Marta 2024
Tá aiseolas á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ón bpobal maidir le Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnróid an Chlocháin atá beartaithe.
Bainfidh an droichead molta úsáid as iar-Dhroichead Iarnróid an Chlocháin, atá fós le feiceáil in Abhainn na Coiribe inniu, agus nascfaidh sé ceantar Bhóthar na Díge le campas Ollscoil na Gaillimhe. Le hathbhunú an droichid mar nasc coisithe agus rothaíochta, nascfar áiteanna staidéir, oibre, miondíola agus áineasa le chéile trí mhodhanna iompair inbhuanaithe a úsáid. Cabhróidh an droichead le beocht agus athnuachan a thabhairt do na ceantair máguaird, ag cruthú áiteanna nua de réimse poiblí.
Tar éis measúnú roghanna a dhéanamh ar an tionscadal, sainaithníodh rogha thosaíochta atá ag teacht chun cinn maidir le dearadh an droichid. Tá an dearadh seo, mar aon le dhá rogha mhalartacha, le feiceáil i mbróisiúr eolais agus i líníochtaí teicniúla atá ar fáil thíos.
Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl faoin tionscadal agus faoi na dearaí trí shuirbhé gearr a chomhlánú atá ar fáil anseo.
Is é an spriocdháta chun an suirbhé seo a chomhlánú ná 5pm Déardaoin, an 11ú Aibreán. Tá fáilte roimh aiseolas ó úsáideoirí ionchasacha uile an droichid agus cuirfidh sé eolas ar fáil do na chéad chéimeanna eile den tionscadal seo.
Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnróid an Chlocháin - Leabhrán eolais
Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnróid an Chlocháin - Líníochtaí agus Montáis grianghraf
Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnróid an Chlocháin - Tuarascáil ar Roghanna Struchtúir