Céard atá i gceist leis an tionscadal seo?
Is conair leanúnach phleanáilte de shaoráidí ardchaighdeáin iompair phoiblí, coisithe agus rothaíochta é tionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath a ritheann feadh fhad Bhóthar R338 Bhaile Átha Cliath. Beidh an bealach 3.9km seo, a shíneann ón taobh thoir d’Acomhal Mhóinín na gCiseach go dtí Acomhal Dhabhach Uisce, in aice le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Ospidéal Pháirc Mhuirlinne, Ospidéal Bon Secours chomh maith le scoileanna agus áiseanna eile.
Cuirfidh na saoráidí bus nua, a mbeidh lánaí bus tiomnaithe breise sa dá threo agus stadanna bus feabhsaithe mar chuid de, turais níos iontaofa agus níos compordaí ar fáil do chomaitéirí. Trí bhonneagar taistil ghníomhaigh a sholáthar, lena n-áirítear rianta rothar leithscartha agus saoráidí uasghrádaithe do choisithe, beifear in ann na turais a dhéanamh níos sábháilte agus níos compordaí do shiúlóirí, do rothaithe agus do rothaithe.
Ionas go mbeidh Gaillimh ina cathair tharraingteach le bheith ag cónaí agus ag oibriú inti, tá córas iompair phoiblí nua-aimseartha ar ardchaighdeán ag teastáil chun go mbeidh daoine in ann a bpríomhchinn scríbe a bhaint amach go héasca laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Le himeacht ama, cruthóidh sé sin deiseanna le haghaidh roghanna stíl mhaireachtála agus ní bheifear ag brath chomh mór céanna ar úsáid carranna príobháideacha. Chuige sin, beidh gá le bearta tosaíochta iompair phoiblí a chur i bhfeidhm, bearta ar nós an tionscadail seo.
Is é an tionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath de líonra bonneagair iompair phoiblí na Gaillimhe atá ag fás. Ceanglóidh sé le tionscadail eile atá curtha i gcrích agus atá ar feitheamh lena n-áirítear Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin, Líonra Rothaíochta Theas Bhóthar Dhabhach Uisce agus an tionscadal BusConnects Gaillimh: Nasc Trasna na Cathrach.
Tá eolas iomlán ar fáil ón suíomh Gréasáin seo .
Cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo?
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag súil faoi láthair iarratas pleanála don tionscadal seo a chur chuig an mBord Pleanála i Ráithe 1 2025. Chuaigh an Chomhairle i mbun rannpháirtíochta le húinéirí talún agus le páirtithe leasmhara eile ar feadh bhealach na scéime atá beartaithe agus muid ag ullmhú an t-iarratas seo a chur isteach.
Roimhe sin, in 2020, reáchtáladh comhairliúchán neamhreachtúil maidir leis an ‘mBealach is Dealraithí a Roghnófar’. Chuir sin léargas agus faisnéis den scoth ar fáil don fhoireann dearaidh.
Theasaigh athbhreithniú a dhéanamh ar an dearadh beartaithe, ó reáchtáladh an comhairliúchán sin, mar gheall ar athruithe suntasacha sa treoir maidir le dearadh agus soláthar, lena chinntiú go rabhthas ag comhlíonadh rialacha ‘dea-chleachtais’ atá ann faoi láthair. Áirítear leis na hathruithe seo nuashonruithe ar an gCód Caiteachais Phoiblí, treoir dearaidh athbhreithnithe maidir le leagan amach do chonairí bus, agus Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Ceadú Tionscadail an Údaráis Náisiúnta Iompair.
Mar thoradh ar na hathruithe seo, agus aiseolas ón gcéad chomhairliúchán poiblí ar BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath, deineadh uasdátú ar an ‘mBealach is Dealraithí a Roghnófar’.
Fuarthas aiseolas ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar mar chuid den dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar thograí BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath, a tionóladh go luath in 2023. I gcás inarb indéanta, tá an t-aiseolas sin tugtha san áireamh i ndearadh an tionscadail.
Mar chuid den phróiseas seo, bunaíodh seomra fíorúil chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoin tionscadal seo, agus is féidir leat cuairt a thabhairt ar an seomra seo trí chliceáil ar an nasc seo . Tabhair ar aird go bhfuil deireadh anois leis an tréimhse comhairliúcháin phoiblí.
Céard é BusConnects?
Is clár infheistíochta iompair phoiblí é BusConnects i mórionaid uirbeacha na hÉireann. Tá sé á fhorbairt agus á bhainistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus á mhaoiniú ag Tionscadal Éireann 2040. Tá sé mar aidhm ag BusConnects seirbhís bus a chur ar fáil atá níos fearr do gach duine - na daoine, an chathair agus an comhshaol.