Trasnú Coisithe – Droichead Cora Bradán

Is trasrian coisithe sealadach a thógáil trasna R863 Bóthar na hOllscoile ag Ardeaglais na Gaillimhe atá i gceist le Tionscadal Trasrian Coisithe Dhroichead na mBradán.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

An Scéim

A photomontage of the future pedestrian crossing at Salmon Weir Bridge

 

Is trasrian coisithe sealadach a thógáil trasna R863 Bóthar na hOllscoile ag Ardeaglais na Gaillimhe atá i gceist le Tionscadal Trasrian Coisithe Dhroichead na mBradán.  Éascóidh sé gluaiseacht sábháilte do dhaoine a bhíonn ag siúl, ag rothaíocht, agus ag úsáid deiseanna eile a bhfuil rothaí orthu, úsáideoirí leochaileacha bóthair san áireamh.  Ceanglóidh an trasrian an cosán ar Bhóthar na hOllscoile, in aice le Garraí an Iascaigh, le Droichead an Dóchais (Trasrian Coisithe agus Rothaíochta Dhroichead na mBradán roimhe seo). 

Is trasnú túcáin (i.e. Trasrian atá rialaithe ag comharthaí do choisithe agus do rothaithe) a bheidh sa trasrian coisithe sealadach agus beidh sé lonnaithe ar an taobh thiar de Dhroichead na mBradán.

Is é an réasúnaíocht atá le trasrian sealadach rialaithe a thógáil ná pointe sábháilte trasnaithe a éascú ar an R863 go dtí go mbeidh tionscadal Cross City Link Bus Connects curtha i gcrích. Tugadh toiliú i leith Thionscadal Cross City Link ar an 27 Meán Fómhair 2024 ach tá faoi chaibidil ag athbhreithniú breithiúnach leanúnach faoi láthair.

Tugann suirbhéanna tráchta agus coisithe ar an suíomh seo le fios go bhfuil an-éileamh ann don trasrian seo. De réir comhaireamh coisithe ag an tráth is gnóthaí (13:00), téann thart ar 360 coisí trasna an R863 ag an bpointe seo (i.e. thart ar 6 choisí gach nóiméad). I rith gnáthlae, téann thart ar 2,000 duine (i.e. duine gach 22 soicind) trasna ag an bpointe seo. D’fhéadfadh gach duine de na coisithe seo an trasrian sealadach a úsáid.

Amach as líon iomlán na gcoisithe a théann trasna Abhainn na Gaillimhe ag an bpointe seo, úsáideann 76% Droichead an Dóchais, agus úsáideann 24% Droichead na mBradán, droichead a iompraíonn na mílte feithiclí freisin gach lá. Spreagfaidh an trasrian coisithe sealadach atá beartaithe níos mó daoine le húsáid a bhaint as an bpointe seo le dul trasna an bhóthair agus leas a bhaint as an droichead coisithe agus rothaíochta nua, Droichead an Dóchais.

Ba cheart tuairimí agus aighneachtaí maidir leis na bearta atá beartaithe a dhéanamh ar an bhfoirm ar líne seo

i scríobh agus iad a sheoladh chuig 

Derek Pender, 
Stiúrthóir Seirbhísí, Bainistíocht Tionscadail agus Forbairt Caipitil, 
Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, 
Bóthar an Choláiste, 
Gaillimh 

nó 

trí ríomhphost a sheoladh chuig ActiveTravel@GalwayCity.ie 

roimh 4.00 p.m. ar an 28 Aibreán 2025.

A photomontage of the future pedestrian crossing at Salmon Weir Bridge