
Is forbairt dhearfach é síneadh a chur leis an mbealach bus is gnóthaí i nGaillimh, a rachaidh chun sochair d’oibrithe i mol tábhachtach fostaíochta na Páirce Móire. D'oscail an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney, Scéim Tosaíochta Bhus Bhóthar na Páirce Móire go hoifigiúil, a réitigh an bealach chun síneadh a chur leis an mbealach bus a chuireann Bus Éireann ar fáil go Páirc Gnó na Páirce Móire Thiar.
Tá lána bus nua curtha ar fáil ag Tionscadal Tosaíochta Bus Bhóthar na Páirce Móire feadh Bhóthar na Páirce Móire ó thimpeallán na Páirce Gnó i dtreo acomhal Bhóthar Mhuine Mheá. Laghdaíonn an lána bus nua seo fad na dturas bus, rud a éascaíonn síneadh na seirbhíse bus 409 go dtí Páirc Gnó na Páirce Móire. Tá stadanna bus nua (ó thuaidh agus ó dheas) tógtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe sa Pháirc Mhór, ag Medtronic agus ag Celestica. Tá caschiorcal sealadach do bhusanna tógtha ar thailte Caragh Precision. Tháinig an tseirbhís nua i bhfeidhm ar 9 Márta.
Cuireann an tseirbhís bus seo turais níos áisiúla ar fáil do phaisinéirí atá ag obair i bPáirc Gnó na Páirce Móire Thiar anois mar go bhfuil stadanna bus suite níos gaire d'ionaid oibre. Ní chuirtear isteach ná amach ar fhad na dturas bus den chuid is mó mar go laghdaíonn an lána bus nua seo amanna taistil do bhusanna feadh Bhóthar na Páirce Móire. Tríd an mbonneagar nua agus seirbhís fheabhsaithe seo a chur ar fáil, táthar ag súil go spreagfaidh an tionscnamh aistriú córa iompair ón gcarr príobháideach agus líon na ndaoine a roghnaíonn taisteal ar iompar poiblí a mhéadú.
Thacaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA) le síneadh na seirbhíse bus freisin. Thacaigh gnólachtaí sa Pháirc Mhór leis freisin, lena n-áirítear baill de Ghrúpa Gníomhaíochta Tráchta na Páirce Móire.
Dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney: “Tá lúcháir orm Tionscadal Tosaíochta Bus Bhóthar na Páirce Móire a oscailt go hoifigiúil, a thacaíonn leis an iliomad gnólachtaí atá lonnaithe sa cheantar seo agus leis an 10,000 duine a oibríonn anseo. Ní hamháin go mbeidh sé níos éasca, níos tapúla agus níos sábháilte do dhaoine taisteal idir a dtithe agus a n-ionad oibre trí síneadh a chur leis an mbealach bus 409 agus lána bus nua a chur ar fáil, ach laghdóidh sé brú tráchta ar na bóithre timpeall ar an bPáirc Mhór agus feabhsóidh sé cáilíocht an aeir. Léiríonn an tionscadal seo an chaoi a gcuireann roghanna iompair phoiblí feabhsaithe le dícharbónú iompair, ach an chaoi a ndéanann sé tairbhe do dhaoine ina saol laethúil.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Ceann de phríomhchuspóirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe is ea tacú le modh iompair inbhuanaithe agus é a chur chun cinn, lena n-áirítear iompar poiblí. Tá sé seo riachtanach chun brú tráchta a laghdú ar fud na cathrach agus sa Pháirc Mhór. Léiríonn na hoibreacha a cuireadh i gcrích le déanaí sa Pháirc Mhór, a réitigh an bealach chun síneadh a chur leis an mbealach bus seo, an chaoi ar féidir le comhoibriú idir páirtithe leasmhara éagsúla fíorbhuntáistí a chur ar fáil don phobal. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe a chuidigh linn an tionscnamh seo a chur i gcrích, agus le foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe as a ndíograis.
“Is mol fostaíochta ríthábhachtach í Páirc Gnó na Páirce Móire do Ghaillimh agus do réigiún an iarthair i gcoitinne agus tá áthas orainn go bhfuil lána bus nua curtha ar fáil againn, a chuirfidh leis an tseirbhís bus chun freastal ar an éileamh. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta i gcónaí chun bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir ar thionscnaimh ar fud na cathrach, lena gcinntítear infheistíocht leanúnach i réitigh iompair inbhuanaithe.”
“Tá lúcháir ar Bus Éireann an síneadh seo a chur le Bealach 409, ón Fhaiche Mhór go Páirc Gnó na Páirce Móire,” a dúirt Brian Connolly, Oifigeach Sinsearach Oibríochtaí an Iarthair, Bus Éireann. “Tá na feabhsuithe seo mar thoradh ar chomhoibriú láidir idir NTA, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Bus Éireann chun nascacht ar fud na cathrach a fheabhsú. Thaistil níos mó ná 6.7 milliún paisinéir linn i gCathair na Gaillimhe anuraidh agus tá an ráta fáis is airde ar an mbealach 409 ar fud an líonra, le beagnach 2 mhilliún paisinéir ar fad. Beidh tionchar dearfach ag an bhfeabhsúchán seo ar phaisinéirí atá ag taisteal chun na hoibre i nGaillimh; cuirfidh sé seirbhís bus inacmhainne agus inbhuanaithe ar fáil ar féidir brath uirthi, nascfaidh sé pobail ar fud na cathrach, agus cuideoidh sé leis an saol a dhéanamh níos fearr.”
Dúirt Joe Seymour, Stiúrthóir Cúnta, Pleanáil agus Infheistíocht Iompair san Údarás Náisiúnta Iompair, “Is sampla an-mhaith é soláthar na scéime seo agus síneadh a chur leis an tseirbhís bus 409 den chaoi a bhfuilimid ag infheistiú i mbonneagar a thugann níos mó roghanna do níos mó daoine maidir leis an gcaoi a mbíonn siad ag taisteal thart. Thuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe an t-éileamh a bhí ar sheirbhís bus fheabhsaithe a thagann isteach agus amach as an bPáirc Mhór agus d'oibrigh siad go dlúth leis an NTA agus le comhpháirtithe eile chun toradh chomh dearfach sin a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe an iliomad daoine a oibríonn sa Pháirc Mhór agus timpeall air.”
Dúirt Ricky Conneely, Bainisteoir Réigiúnach na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (IDA) don Iarthar: “Tá cliantchuideachtaí IDA na hÉireann ag iarraidh tallann ardchaighdeáin a earcú agus a choinneáil i margadh atá an-iomaíoch i gcónaí. Cuideoidh soláthar naisc iompair phoiblí ar féidir brath orthu, ar nós na seirbhíse bus nua seo, le gnólachtaí sa Pháirc Mhór foireann a mhealladh agus a choinneáil. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na páirtithe go léir a raibh baint acu leis an tionscnamh tábhachtach seo a chur i gcrích.”
Tá Tionscadal Tosaíochta Bus na Páirce Móire faoi stiúir Roinn Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá sé maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair. Chomh maith leis an lána bus nua, tógadh 6 stad bus nua feadh an bhóthair chomh maith le ceithre chrosaire nua. Tógadh cosáin nua ardchaighdeáin, agus tá acomhail níos doichte chun luasanna feithiclí a laghdú agus chun sábháilteacht do choisithe a fheabhsú. Cuireadh oibreacha uasghrádaithe i gcrích freisin ag Acomhal Comharthaithe Bhóthar Mhuine Mheá. Cuireadh tús le hoibreacha tógála i mí Feabhra 2024 agus críochnaíodh an tionscadal den chuid is mó roimh an sprioc i mí na Nollag 2024.
Éascaíonn an lána bus nua na bealaí bus 401 agus 409. Bainfear úsáid fhorleathan as freisin tar éis Athdhearadh Líonra Bus na Gaillimhe a chur i bhfeidhm, atá faoi stiúir an Údaráis Náisiúnta Iompair agus a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn céimneach sna blianta atá amach romhainn. Tá iarratas pleanála curtha isteach chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe chun caschiorcal buan a thógáil le háiseanna scíthe do thiománaithe. Cuirfear é sin ar fáil sna míonna atá amach romhainn, ag brath ar cheadú pleanála.