Tionscadal Tosaíochta Bus Bhóthar na Páirce Móire curtha i gcrích roimh an Am

new parkmore bus lane view from sky

 

  • Cuirfear amanna turais níos tapúla agus níos iontaofa ar fáil d’oibrithe sa Pháirc Mhór mar thoradh ar an tionscadal seo
     
  • Cuireadh feabhas mór ar shaoráidí coisithe freisin mar chuid de na hoibreacha críochnaithe. 

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe bronntanas luath Nollag a thabhairt d’oibrithe agus do chónaitheoirí na Páirce Móire agus é deimhnithe go bhfuil oibreacha ar Thionscadal Tosaíochta Bus na Páirce Móire curtha i gcrích roimh an am.  Bhíothas ag súil go mbeadh na hoibreacha tógála fós ar siúl sna chéad mhíonna de 2025, ach tá cuid mhaith de na hoibreacha tugtha chun críche anois roimh thréimhse na Nollag.

Cuireadh tús leis an obair ar Thionscadal Tosaíochta Bus Bhóthar na Páirce Móire i mí Feabhra 2024. Áirítear leis an tionscadal:

  • Lána bus nua ó dheas,  atá tuairim is 600m ar fhad, feadh Bhóthar na Páirce Móire ó thimpeallán na Páirce Gnó go dtí acomhal Bhóthar Mhuine Mheá. 

  • Sé stad bus nua feadh an bhóthair, agus ceithre thrasrian coisithe chomharthaithe nua. 

  • Tógadh cosáin nua ardchaighdeáin feadh an dá thaobh den bhóthar freisin agus rinneadh acomhail níos caoile, rud a laghdóidh luas gluaisteán. 

  • Cuireadh oibreacha uasghrádaithe i gcrích freisin ag Acomhal Comharthaithe Bhóthar Mhuine Mheá. 

Tá Tionscadal Tosaíochta Bus na Páirce Móire faoi stiúir Roinn Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá sé maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair.  Bhí sé beartaithe ar dtús é a thabhairt chun críche in R1 2025 ach tá dul chun cinn maith déanta ag na gconraitheoirí Jons Civil Engineering ar an obair agus tá an obair críochnaithe den chuid is mó acu roimh an am.   

Leis an tionscadal seo, beifear in ann turais bhus níos tapúla agus níos iontaofa a dhéanamh agus tá bonneagar nua do choisithe agus don iompar poiblí curtha ar fáil aige a rachaidh chun tairbhe d’úsáideoirí bus.  Tríd an mbonneagar feabhsaithe seo a chur ar fáil, is é aidhm na scéime aistriú módach ón gcarr príobháideach a spreagadh, agus cur leis an líon daoine a roghnaíonn taisteal ar iompar poiblí. 

Deir Derek Pender, Stiúrthóir Seirbhíse do Stiúrthóireacht Forbartha Tionscadail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Is mol fostaíochta ríthábhachtach í an Pháirc Mhór do Chathair na Gaillimhe agus don réigiún máguaird, agus tá sé tábhachtach go mbeadh córas láidir iontaofa iompair phoiblí ag freastal ar an gceantar sin.   Is iad na bealaí bus a fhreastalaíonn ar Pháirc Mhóir na cinn is gnóthaí sa gcathair, agus soláthróidh na seirbhísí bus nua amanna turais níos sciobtha do na mílte a úsáideann an bus gach lá, agus tá súil againn go roghnóidh go leor eile dul ar an mbus anois mar gheall ar an tseirbhís fheabhsaithe seo. 

“Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tugtha do thaisteal níos gníomhaí agus bonneagar iompair inbhuanaithe a chur ar fáil sa bPáirc Mhór agus in áiteanna eile sa gCathair, agus molaimid don oiread daoine agus is féidir dul ag siúl, ag rothú, ag rothaíocht nó ar iompar poiblí seachas sa gcarr.   Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gnólachtaí na Páirce Móire, agus leis na cónaitheoirí sa gceantar freisin, as a dtacaíocht le linn fhorbairt an tionscadail seo.”

Chuir Shane Cannon ó Medtronic agus Grúpa Gníomhaíochta Tráchta Parkmore, a dhéanann ionadaíocht ar chuideachtaí atá lonnaithe sa Pháirc Mhór, fáilte roimh an bhforbairt.  “Is tionscadal tábhachtach é an lána bus nua seo do ghnólachtaí na Páirce Móire, agus don fhoireann oibre atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.   Is buntáiste don cheantar tionscadal ar bith atá ábalta feabhas a chur ar inrochtaineacht na Páirce Móire mar go gcuideoidh sé linn daoine cumasacha a mhealladh agus a choinneáil i margadh iomaíoch.   Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an Údarás Náisiúnta Iompair as tacú leis an tionscadal seo agus táim ag tnúth le seirbhísí bus a leathnú tuilleadh sa bPáirc Mhór go luath amach anseo.”

Fuair an tionscadal seo tacaíocht ó Ghrúpa Gníomhaíochta Tráchta na Páirce Móire, ón IDA agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.   Jons Civil Engineering a bhí i mbun na n-oibreacha tógála thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus ceapadh comhairleoirí DBFL chun an tionscadal seo a chur i gcrích.