
Cuir do bharúil in iúl maidir le Phlean Gníomhaíochta Seirbhíse do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cairt Chustaiméirí 2025 – 2029. Ní thógann sé ach cúpla nóiméad!
Is féidir an suirbhé a líonadh amach ag an nasc seo: https://tinyurl.com/4spz7kju
Is é 12i.n Dé Domhnaigh an 11 Bealtaine 2025 an spriocdháta.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun athbhreithniú a dhéanamh anois ar ár bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus ar ár gCairt Chustaiméirí 2025. Beidh faisnéis inár bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus sa Chairt do Chustaiméirí maidir leis an méid is féidir lenár saoránaigh, ár gcustaiméirí, ár bpobail agus ár n-ionadaithe tofa a bheith ag súil leis ónár seachadadh seirbhíse.
Mar sholáthraí seirbhíse poiblí, is mór againn seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí i ngach réimse dár gcuid oibre agus do gach duine a úsáideann ár seirbhísí. Leagfar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus sa Chairt do Chustaiméirí na caighdeáin seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn. Déanfaimid monatóireacht leanúnach agus feabhas a chur ar ár seirbhís duit féin agus dár gcustaiméirí go léir.
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh fhreagraí ar na ceisteanna atá leagtha amach sa Suirbhé Comhairliúcháin.
Más mian leat leagan páipéir den suirbhé seo a chomhlánú, beidh siad ar fáil le bailiú ón bhFáiltiú i Halla na Cathrach, nó is féidir iad a iarraidh trí ríomhphost ó customerservice@galwaycity.ie / seirbhisdochustaimeiri@galwaycity.ie, nó trí ghlaoch orainn ar 091 536400. Is féidir suirbhéanna páipéir comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an tSeirbhís do Chustaiméirí, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.