BÓITHRE A DHÚNADH GO SEALADACH Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin na mBóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Rúin - Sráid Liam Thiar, Sráid Dhoiminiceach Uachtarach, & Ardán na bhFiach

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

Sráid Liam Thiar (L-5113):  Ó Chraein Bheag (L-5111) go hAscaill na Mumhan (L-5114).

Sráid Dhoiminiceach Uachtarach (L-5103): Ó Shráid Dhoiminiceach Íochtarach (L-5102) go Sráid Liam Thiar (L-5113).

Ardán na bhFiach (L-5107): Ó Bhóthar Chnoc an Dalláin Íochtarach (L-5108) go Bóthar an Athar Uí Ghríofa (R-336).

Tréimhse an Dúnta:  Dé Luain – Dé Sathairn: 6.00í.n – 2.00r.n, Dé Domhnaigh 3.00í.n – 2.00r.n, Ó Dé hAoine 16ú Bealtaine 2025 go dtí Dé Domhnaigh 28ú Meán Fómhair 2025.

Cúis: Spás a chur ar fáil do bhia, d’fhéilte agus d’imeachtaí faoin aer.

Beidh comharthaíocht réamh-atreoraithe i bhfeidhm sula gcuirfear tús leis an obair.

 

Is féidir doiciméid a scrúdú ag Fáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.00am go 1pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i gcoinne an dúnta shealadaigh atá beartaithe a chur i scríbhinn chuig Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 1ú Bealtaine 2025.