An chéad fhód bainte don Scéim Ghréasán Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin

A photograph from the sod turning of the Ballybane Road and Castlepark Road Cycle Network Scheme

 

D’iompaigh Leas-Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Níall McNelis an fód ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar thús a bheith curtha le tógáil Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.   Áireofar sa scéim, lánaí rothair nua ar an dá bhóthar chomh maith le hathailíniú acomhail, trasrianta ardaithe agus tírdhreachú.  Tabharfaidh an tionscadal ugach do níos mó daoine taisteal gníomhach a roghnú trí bhealach sábháilte agus tarraingteach a sholáthar don líon mór daoine a bhíonn ag siúl, ag rothaíocht agus ag úsáid deiseanna eile a bhfuil rothaí orthu ar an dá bhóthar.  Cuireadh tús leis an tógáil ar Bhóthar an Bhaile Bháin agus ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin an mhí seo agus tá sé beartaithe an obair a bheith tugtha chun críche i Ráithe 3, 2026.   

Tá an tionscadal seo á chur i gcrích ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá sé á chómhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach. Beidh an tógáil ar siúl feadh achar Bhóthar an Bhaile Bhain, idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bóthar Mhuine Mheá agus feadh Bhóthar Pháirc an Chaisleáin go léir idir Bóthar an Bhaile Bháin agus Bóthar Mhuine Mheá.  Áirítear leis an réimse seo an OTA agus saoráidí tráchtála, tionsclaíocha agus pobail eile.  Freastalóidh an scéim freisin ar phobal mór cónaitheoirí atá ina gcónaí i gcomharsanacht an dá bhóthair. 

Dúirt an Comhairleoir Níall McNelis, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe roimh an scéim seo agus é ag iompú an fhóid ag searmanas an lae inniu.  “Is tionscadal cinniúnach é forbairt an bhonneagair rothaíochta agus siúlóide seo i nGaillimh.  Freastalóidh sé ar phobal mór áitiúil, chomh maith le pobal mór mac léinn agus oibrithe atá sa cheantar seo.  Is díol suntais í an scéim seo freisin mar go ndéanfar nascadh le forbairtí amach anseo mar chuid de Líonra Rothaíochta na Gaillimhe atá ag dul i méid agus atá ríthábhachtach le húsáid carranna príobháideacha agus le brú tráchta ar fud na cathrach a laghdú.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, gur fianaise atá sa tionscadal ar ghealltanas na Comhairle bonneagar an taistil ghníomhaigh a sholáthar.  “Is í Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin an tionscadal taistil ghníomhaigh is deireanaí atá curtha ar fáil sa gcathair, i ndiaidh leithéidí Dhroichead an Dóchais, siúlbhealach coisithe nua ar Dhroichead Wolfe Tone, chomh maith le scéimeanna nua ag Acomhal Martin, Bóthar Dhabhach Uisce Theas, Canál Eglinton agus Lána an Mhuilleora. Níos deireanaí an bhliain seo freisin, cuirfimid tús le lánaí rothaíochta nua a thógáil feadh Bhóthar Stiofáin. 

“Is mian liom aitheantas a thabhairt dár gcuid comhpháirtithe maoinithe, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach, agus do pháirtithe leasmhara eile an tionscadail seo, lena n-áirítear, na Comhairleoirí agus an pobal áitiúil.  Táim ag tnúth go mór lena dtacaíocht leanúnach maidir leis an gclár infheistíochta uaillmhianach seo don taisteal gníomhach a chur i gcrích i nGaillimh.”

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne “Is sampla den scoth í Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, den chaoi a bhfuil sé ar chumas comhpháirtithe oibriú go rathúil le chéile chun leas a bhaint as maoiniú Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (URDF) na Roinne.

“Agus sinn ag leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i gcúrsaí tithíochta, ní mór dúinn bonneagar a chur ar fáil freisin atá ag teacht le tiomantas an Rialtais pobail bhríomhara, ina bhfuil sé éasca maireachtáil a chruthú, áit a bhfuil siúl, rothaíocht agus iompar poiblí ina roghanna inrochtana agus tarraingteacha. 

“Trí bhonneagar rothaíochta a chomhtháthú le forbairtí tithíochta leanúnacha agus amach anseo, táimid ag tógáil tithe don todhchaí a thugann tús áite do dhaoine, a laghdaíonn brú tráchta agus a fheabhsaíonn an caighdeán saoil do chách.”

Dúirt Joe Seymour, Ceann Infheistíochta maidir le Taisteal Gníomhach san Údarás Náisiúnta Iompair ‘Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur na scéime seo, scéim a bhfuil géarghá léi, chun cinn don chathair. Nuair a bheidh an scéim curtha i gcrích, beidh an timpeallacht áitiúil níos sábháilte agus níos taitneamhaí do dhaoine atá ag siúl nó ag rothaíocht. Tá sé d’acmhainn ag an scéim, nuair a thógtar a suíomh taobh le saoráidí oideachais, siopaí, tithe cónaithe agus a cóngaracht do stadanna bus áitiúla san áireamh, dul chun leasa do na mílte daoine.

Tá Coffey Construction ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina bpríomhchonraitheoirí i ndiaidh próiseas iomaíoch tairisceana. Is iad AtkinsRéalis na hinnealtóirí comhairleacha don tionscadal. De réir mar a bheidh an obair thógála ag dul chun cinn, cuirfear an t-eolas is deireanaí ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ceanglóidh Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin le BusConnects Gaillimh: Tionscadal Bhóthar Bhaile Átha Cliath amach anseo a chuirfidh feabhas suntasach ar an mbonneagar bus feadh achar iomlán Bhóthar Bhaile Átha Cliath.  Cuireadh iarratas toilithe don tionscadal seo faoi bhráid an Bhoird Pleanála le gairid. Tá bealach eile rothaíochta amach anseo beartaithe freisin do Bhóthar Mhuine Mheá sna blianta atá romhainn.   

Tá tógáil Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin ag teacht le haidhmeanna straitéiseacha Straitéis Iompair na Gaillimhe, atá ag iarraidh iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus a spreagadh, agus, go háirithe, é a dhéanamh áisiúil agus tarraingteach le bheith ag siúl agus ag rothaíocht ann nó le hiompar poiblí a úsáid. 

San áireamh i dTuarascáil Walking and Cycling Index 2023, a d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair, bhí suirbhé neamhspleách, a bhí ionadaíoch ar 1,100 duine ar fud Chathair na Gaillimhe agus sna bailte máguaird laistigh de Mhórcheantar na Gaillimhe.

Áiríodh i dtorthaí an tsuirbhé:

  • go dtacaíonn 88% den lucht cónaithe le níos mó bealaí rothaíochta a thógáil atá deighilte go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe, fiú má chiallaíonn sé seo níos lú spáis do thrácht eile ar an mbóthar.
  • Ba mhaith le formhór an lucht cónaithe níos mó airgid a fheiceáil á chaitheamh ar bhonneagar le haghaidh siúil agus deiseanna rothaí (72%) agus le haghaidh rothaíochta (77%).
  • Teastaíonn ón lucht cónaithe go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil do bhonneagar siúil, deiseanna rothaí, rothaíochta agus d’iompar poiblí agus gan an oiread  maoinithe a chur ar fáil do bhonneagar tiomána.
  • Tá siúl, deiseanna rothaí agus rothaíocht ag cur buntáistí suntasacha sláinte, geilleagair agus comhshaoil ar fáil i nGaillimh cheana féin. 

Críoch

 

Nótaí

Ina iomláine, áiríodh Scéim Ghréasán Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin:

  • Soláthar 2m de raon rothar ardaithe cóngarach agus 2m de chosán ar an dá thaobh de Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, a dhéanfar a laghdú in áiteanna sa chás srianta a bheith ann.

  • Laghdú ar leithead carrbhealaí bóithre (lánaí 3m ar leithead de ghnáth).

  • Athailíniú acomhail agus tabhairt isteach trasrianta ardaithe ar na taobh-bhóithre go léir chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí coisithe.

  • Lánaí rothaíochta/cosáin trasnaithe díreach tríd ar acomhal ar thaobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí rothaithe.

  • Trasrianta le comharthaí orthu a sholáthar do choisithe agus do rothaithe.

  • Tá an t-acomhal ag R865 Bóthar an Bhaile Bháin / L5029 Bóthar Pháirc an Chaisleáin agus an t-acomhal ag L5029 Bóthar Pháirc an Chaisleáin / R339 Bóthar Mhuine Mheá le huasghrádú go dtí acomhal a bhfuil comharthaí air le soláthar do choisithe agus rothaithe.

  • Beidh pointí trasnaithe comhroinnte agus coisithe le tabhairt isteach ag áiteanna éagsúla.

  • Trídhreachú a dhéanamh feadh na mbóithre. 

 

Is féidir an Tuarascáil maidir leis an Walking and Cycling Index 2023 a léamh trí chliceáil ar an nasc seo.

Related news