
Cuirfear tús le hoibreacha bóthair ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin Dé Luain an 3 Márta, mar chuid de Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Cuirfear tús leis na hoibreacha ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin óna acomhal le Bóthar an Bhaile Bháin agus leanfar leis an obair ansin i dtreo Bhóthar Mhuine Mheá.
Táthar ag leanúint leis an obair ar Bhóthar an Bhaile Bháin (a thosaigh ar an 17 Feabhra). Beidh na hoibreacha gar don acomhal le Bóthar na dTreabh.
De réir mar a bheidh an tionscadal ag leanúint ar aghaidh, beidh dhá láthair oibre ann le criú amháin ag obair ar Bhóthar an Bhaile Bháin agus criú eile ag obair ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Beidh bearta bainistithe tráchta i bhfeidhm agus beidh roinnt moilleanna i gceist. Coinneofar an trácht ag imeacht sa dá bhealach le linn buaicthráthanna tráchta ar an dá bhóthar.