Tionscnamh Frithdhumpála 2024 Bailiúchán Earraí Toirtiúla

Anti-Dumping Initiative 2024 - Bulky Goods Collection

Tionscnamh Frithdhumpála 2024

Bailiúchán Earraí Toirtiúla

Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe bailiúchán earraí toirtiúla ar fáil ag Láithreacha Fóntas Poiblí Thuama, Bhéal Átha na Sluaighe agus an Chlocháin agus ag saoráid Dramhaíola Barna Recycling ar Bhóthar Áth Cinn Ón 29ú Iúil go dtí an 11ú Lúnasa 2024 (faoi réir athbhreithnithe)  

 

Earraí a nglacfar leo

Troscán Cumhdaithe, Toilg, Cathaoireacha uilleacha agus svuíteanna 3 bhall, Vardrúis, Locair cois leapa, Frámaí leapa, Boird agus Cathaoireacha
Seomra Bia.

 

Earraí nach nglacfar leo

Dramhaíl tógála & scartála, Earraí dramhaíola leictreacha, Dramhaíl ghuaiseach, Mála dramhaíola tí etc, Bréagáin / Trampailíní etc, Nithe ceirmeacha

 

Táille ag an nGeata: €5 an Veain/Carr agus Leantóir

 

Tabhair ar aird nach mór an tseirbhís seo a chur in áirithe via láithreán gréasáin Barna Recycling Waste (thíos) sula dtagtar i láthair ag aon cheann de na láithreacha thuas.

https://barnarecycling.com/booking 

 

Tá réamh-áirithint riachtanach chun táille €5 an gheata a fháil. Mura ndéantar sin, beidh ar an gcustaiméir táille an gheata agus droichid meáite a íoc.

 

IS DO SHEALBHÓIRÍ TÍ TEAGHLAIGH AN TIONSCNAMH SEO AGUS SIN AMHÁIN.

Ní ghlacfar le hearraí ó oibritheoirí tráchtála.

 

Leantóirí cairr béaloscailte amháin    Níl cead tarracóirí

NÍ CHEADAÍTEAR AON LEANTÓIRÍ CAPALL / AINMHÍ NÁ TALMHAÍOCHTA

Nótáil: Beidh tú curtha ó dhoras

 

Maidir le fiosruithe do Chontae na Gaillimhe, déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta ar an uimhir 091 509510 nó seol ríomhphost chuig environment@galwaycoco.ie  

Maidir le fiosruithe do Chathair na Gaillimhe, déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta ar an uimhir 091 536400 nó seol ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie