Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Halla na Cathrach
Bóthar an Choláiste
Gaillimh
H91X4K8
De bhun forálacha alt 20 den ACHT AIRGEADAIS (CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL) 2012 (arna leasú), tugaim, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, fógra leis seo don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le rún do rith, ag cruinniú den údarás áitiúil thuasluaite an 14ú Deireadh Fómhair 2024 á rá gur cóir an bunráta cánach maoine áitiúla a bheith arna athrú suas de réir 15 phointe céatadáin do na blianta 2025 go 2029 i leith maoine cónaithe iomchuí atá suite i limistéar riaracháin an údaráis áitiúil.
(Síniú) :
Leonard Cleary
Príomhfheidhmeannach
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Arna dhátú: an 14ú Deireadh Fómhair 2024