FÓGRA GO PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (ARNA LEASÚ) AGUS CHUID 8 AIRTEAGAL 81 DE NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2001 GO 2024

NOTICE UNDER THE PLANNING AND DEVELOPMENT ACT 2000, AS AMENDED & PART 8, ARTICLE 81 OF THE PLANNING AND DEVELOPMENT REGULATIONS 2001 to 2024

FÓGRA SUÍMH

De bhun cheanglais Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Chuid 8 Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 go 2024, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le fios go bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle an fhorbairt seo a leanas a chur in oiriúint ag an suíomh seo:

 

An páirc imeartha ar an taobh ó thuaidh de Sheanbhóthar Bhaile Átha Cliath in aice le hÓstán Chonnacht agus Garrán Pháirc an Tobair.

 

Is éard atá i gceist sa bhforbairt ná reilig faoi fhéar a sholáthar a fhreastalóidh ar cheapacha uaighe, ceapacha síothal, gairdín cuimhneacháin (lena n-áireofar limistéar le haghaidh taisí créamtha), bóithre rochtana, soláthar acomhail, páirceáil, foirgneamh leasa foirne, seid innealra, cóireáil teorann, comharthaíocht, draenáil uisce dromchla, struchtúr chun taisí créamtha a imtheorannú, bunchlocha cinn agus tírdhreachú cuí ar fud an láithreáin chun tionchar amhairc na forbartha beartaithe ar an láithreán a laghdú ar an gcomharsannacht buailte ar an suíomh.

 

Rinneadh scagadh le haghaidh Measúnú Cuí ar an bhforbairt de réir Airteagal 6(3) de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE). Tháinig an Scagadh le haghaidh Measúnú Cuí ar an gconclúid nach dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar aon láithreán Eorpach Natura 2000 agus nach bhfuil gá le Measúnacht Chuí maidir leis an bhforbairt bheartaithe seo.

 

Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, lena n-áirítear an Tuarascáil Scagthástála don Mheasúnacht Chuí, ar fáil lena léamh nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh le linn uaireanta oifige ar feadh tréimhse 4 seachtaine ón 19 Meán Fómhair 2024 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 2024 agus an dáta sin san áireamh le linn uaireanta poiblí san Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ó 9:00r.n. go 4:00i.n. Luan go hAoine, seachas Laethanta Saoire Bainc. Le haghaidh coinne a dhéanamh, déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála ag 091-536599 nó trí ríomhphost ag planning@galwaycity.ie.

 

Nasc chuig seoladh gréasáin an tionscadail: www.galwaycity.ie/dublinroadlawncemetery

 

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an bhforbairt bheartaithe a dhéileálann le pleanáil chuí agus forbairt inmharthana an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig an Údarás Áitiúil chun teacht tráth nach déanaí ná: 4.00 i.n. an 31 Deireadh Fómhair 2024 chuig An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bhóthar an Choláiste, Gaillimh nó trí ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie. Ba chóir a thabhairt faoi deara go mbaineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le gach taifead atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Beidh gach tuairim, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a thugann tuairimí, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle maidir leis an scéim seo mar chuid den tuarascáil reachtúil a éileofar a chur i láthair ag cruinniú de na comhaltaí tofa. Dá réir sin, féadfar iad a chur san áireamh i miontuairiscí an chruinnithe sin agus féadfaidh siad a bheith i láthair sa bhfearann poiblí. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise (Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2014) agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2013.

 

Dar dáta an 17 Meán Fómhair 2024

 

An tUasal Patrick Greene

Stiúrthóir Seirbhísí

Stiúrthóireacht um Fhorbairt Oibriúcháin

Comhairle Cathrach na Gaillimhe