Dréachtscéim na gCoistí Um Beartais Straitéiseacha 2024 - 2029

Dréachtscéim na gCoistí Um Beartais Straitéiseacha 2024 - 2029

reithníonn Coistí um Beartais Straitéiseacha nithe a bhaineann le beartas a cheapadh agus a fhorbairt, agus monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh air, do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is iad baill na gCoistí um Beartais Straitéiseacha ná Comhairleoirí Cathrach agus ionadaithe seachtracha ó leasanna earnála áitiúla. Anois atá na Toghcháin Áitiúla thart, tá scéim nua á beartú do na chéad chúig bliana eile. 

Táthar ag cur fáilte roimh aighneachtaí i ndáil leis an Dréacht-Scéim anois agus is féidir iad a dhéanamh ar line ar www.galwaycity.ie nó i scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Seirbhísí & Rialachas Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh tráth nach déanaí ná 4.00in Dé Luain, an 26 Lúnasa 2024. 

Dréacht-Scéim na gCoistí um Beartais Straitéiseacha 2024-2029ar fáil ar www.GalwayCity.ie nó ón Roinn Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Clúdaíonn na sé Choiste um Beartais Straitéiseacha atá á mbeartú na réimsí gníomhaíochta seo a leanas:

1.     Forbairt Shóisialta

2.     Forbairt Oibriúcháin

3.     Forbairt Tionscadail

4.     Forbairt Uirbeach

5.     Forbairt Chorparáideach

6.     Forbairt Turasóireachta

 

Roghnófar Ionadaithe Seachtracha ó na leasanna earnála seo a leanas:

  • Comhshaol/Caomhnú
  • Cultúr
  • Forbairt/Tógáil
  • Gnó/Tráchtáil
  • Ceardchumann
  • Pobal/Deonach
  • Cuimsiú Sóisialta

Nuair a bheidh Scéim na gCoistí um Beartais Straitéiseacha glactha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ainmneofar ionadaithe earnála ar na Coistí um Beartais Straitéiseacha.

 

Íoslódáil an Dréachtscéim na gCoistí Um Beartais Straitéiseacha 2024 - 2029

Cuir Aigneacht Isteach ar Líne