Comhstraitéis Miondíola á hullmhú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe

Comhstraitéis Miondíola

Tá Comhstraitéis Miondíola á hullmhú faoi láthair ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe do Cheantar Cathrach na Gaillimhe agus do Cheantar Cathrach Chontae na Gaillimhe, chun creat a chur ar fáil chun forbairt earnála miondíola beoga agus iomaíche a threorú laistigh de Cheantar Cathrach agus Contae na Gaillimhe. Féachfaidh an Straitéis le beocht agus infheistíocht leanúnach a chur chun cinn sa phríomhlimistéar miondíola agus stádas na Gaillimhe mar phríomhspreagthóir d'fhorbairt eacnamaíoch agus d'iomaíochas sa Réigiún a chosaint.

Mar chuid de rannpháirtíocht níos leithne an phobail agus páirtithe leasmhara, cuirfear tús le suirbhéanna siopadóra agus teaghlaigh an 21ú Deireadh Fómhair, in áiteanna éagsúla ar fud Cheantar Cathrach na Cathrach agus an Chontae agus mairfidh siad thart ar dhá sheachtain. Má tá aon cheist agat maidir leis na suirbhéanna, déan teagmháil le Rannóg Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe nó Comhairle Contae na Gaillimhe. Déanfar sonraí an tsuirbhé a bhailiú agus a stóráil i gcomhréir le RGCS. Reáchtálfar comhairliúchán breise le páirtithe leasmhara sna míonna amach romhainn.

Comhairle Cathrach na Gaillimhe - 091 536 400  Planning@GalwayCity.ie

Comhairle Contae na Gaillimhe - 091 509 043  Planning@GalwayCoCo.ie 

Ba mhaith le Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe buíochas a ghabháil le rannpháirtithe an tsuirbhé as cur le hullmhú na Comhstraitéise Miondíola a bheidh ina dhoiciméad ríthábhachtach chun timpeallacht mhiondíola an cheantair a threorú agus a mhúnlú.